I mBéal an Phobail

This week, I mBéal an Phobail considers the Seal of Confession

This week, I mBéal an Phobail considers the Seal of Confession

An dá Ríocht

Do roinnt mhaith daoine tá an dá Ríocht ann, an Ríocht thall agus an Ríocht abhus, agus ní hé sin amháin é, ach tá dílseacht don dá Ríocht sin ann freisin.

Cé’n dá Ríocht atá idir chamáin agam, an ea?

Tá, ar an gcéad dul síos, Ríocht Dé, an Ríocht sin a bhíonn i gceist ag Críostaithe, nuair a ghuíonn siad sa Phaidir...Go dtaga do Ríocht....Sin an Ríocht thall, an Ríocht Neimhe. Sin Ríocht an Spioraid, an Ríocht Inhmheánach, agus seo an Ríocht ina bhfeidhmíonn córais éagsúla Creidimh, faoi mar atá, an Chríostaíocht, an Giúdachas, an Mahamadachas, maraon le mórchórais Chreidimh an Oirthir, agus córais éagsúla eile freisin. Éilíonn na córais Creidimh sin go gcaithfeadh an duine saol macánta de réir dlíthe Dé, nó de réir dlíthe an nádúir, dlíthe atá scríofa ar chroí an daonnaí, nó faoi mar a d’inis Mac an Rí fhéin dúinn...Más uait Ríocht Dé a bhaint amach, caithfidh tú aitheanta Dé a choimhlíonadh, agus níl ach dhá mhóraithne ann, sé sin, Grá Dé, agus Grá na gcomharsan. Ríocht an anama, nó Ríocht an Spioraid, atá idir chamáin againn sa mhéid sin. Braitheann coimhlíonadh na gcoiníollacha sin uilig ar choinsias an duine daonna fhéin, agus don té nach bhfuil sásta sin a dhéanamh, bhuel, tá smachtbhannaí le cur i bhfeidhm ina choinne, a phionóis fhéin ag chuile chóras acu.

An Ríocht Talmhaí

Ar an dtaobh eile den scéal, tá an Ríocht saolta, sé sin, an Ríocht seachtrach, ina gcaitheann an duine daonna a shaol is a laethe, agus é ar a thuras saolta ag iarraidh fáil isteach i Ríocht Dé, b’fhéidir, nó le foirfeacht a shroichint. Anois ní chuile dhuine a dhéanann sin go comhfhiosach, ach, comhfhiosach nó fochomhfhiosach, tá chuile dhaonnaí ar a thuras saolta idir an dá Ríocht céanna sin. Breathnaímis anois tamall ar an Ríocht saolta. Sin an chaoi a eagraíonn pobal cúrsaí, ionas gur féidir le chuile shaoránach saol sibhialta, macánta, daonna, a chaitheamh, de réir dlíthe inghlactha daonna.

Cé dhéanann na dlíthe sin dóibh?

Socraíonn an pobal ar chineál áirithe chóras rialaithe dóibh fhéin. I dtír amháin, tugtar an chumhacht uilig do dhuine amháin, nó sciobann duine amháin an chumhacht uilig chuige fhéin, tríd an láimh láidir, nó trína fháil le huacht, ó thuiste. I dtír eile ansin, socraíonn an pobal ar rialtas a thoghadh le bunreacht, nó le dlíthe a dhréachtadh, ar bhealach a shásódh tromlach na saoránach sa tír sin, agus i dtíortha eile fós, úsáidtear meascán den dá chóras sin, agus chomh maith leis an rialtas a thoghann an pobal, bíonn Rí, nó Banríon, acu chomh maith leis an bParlaimint, nó faoi mar a tharlaíonn sa tír seo, bíonn Uachtarán tofa againn, maraon le Dáil agus Seanad, leis an dtír a rialú.

Tá sin uilig go breá agus go tráthúil, agus ní tharlaíonn trasnaíl ar bith eatarthu, go teoiriciúil, ar aon nós, ach faoi mar is eol dúinn uilig, maireann an daonnaí sa dá Ríocht sin, agus éilíonn an dá Ríocht sin dílseacht uaidh. Agus arís, ní fál go haer é sin, ach oiread, nó glactar leis, go ginearálta, nár chóir go dtiocfadh an dá dhílseacht chéanna sin salach ar a chéile, ach, corruair, d’fhéadfadh fadhb a bheith ann, dá ndéanfadh córas ar bith acu iarracht ar chearta an taobh eile a shárú. Caithfear a admháil anseo, go mbeadh sé deacair ag Ríocht an Spioraid cur isteach ar an Ríocht Talmhaí, nó ní bheadh arm nó póilíní acusan, lena mbreith a chur i bhfeidhm, ach gan dabht ar domhan, bheadh ar chumas an Stáit cur isteach ar Ríocht an Spioraid, trí dhlíthe frithchreidimheacha a dhréachtú, agus trí phionós trom a ghearradh ar an té nach ndéanfadh mar a achtódh siadsan. Anois, is soiléir nach mbeadh ar chumas an Ríochta eile a mbreith siúd a chur i bhfeidhm sa tslí chéanna sin.

Tuige, adéarfadh duine, b’fhéidir, ar scríobh mé an píosa thuas, an tseachtain seo?

Séala le briseadh?

Bhuel, ba é a spreag chun pinn mé, an babhta seo, nó an bhagairt a rinne baill áirithe den Rialtas s’againne, ar na mallaibh, go n-achtódh siad dlí a chuirfeadh iachall ar shagairt séala, nó rún, na Faoistine, a bhriseadh feasta. Creideann Caitlicigh go mbaineann an rún céanna sin lena gcearta creidimh, nó is cuid bunúsach den chreideamh sin é, go bhféadfadh aithríoch a pheacaí a admháil i Sacraimint na hAithrí, agus gur do Dhia fhéin amháin a admhaíonn sé a pheacaí, agus dá bhrí sin, nach bhfuil ceart ag Rialtas cur isteach ar cheart an chreidmhigh sin trí ionradh dá leithéid a dhéanamh ar Ríocht an Spioraid. Agus, taobh amuigh den mhéid sin ar fad, déarfainn nach luífeadh dlí dá leithéid le réasún in aon chor, nó conas a d’aithneodh an sagart an t-aithríoch i mBosca dorcha na Faoistine, conas mar sin, a d’fhéadfaí iachall dlí a chur air scéitheadh ar an aithríoch sin? Glactar leis, nach bhfuil sa sagart sa chás sin ach seoladán idir an aithríoch agus a Dhia. Agus, go loighiciúil, ní bheadh sa dlí sin ach an tús le críoch scun scan a chur le Sacraimint na hAithrí. Leor sin don tseachtain seo.