I mBéal an Phobail

Mutiny on the Bounty Céadchló 2008

Mutiny on the Bounty Céadchló 2008

by John Boyne 11.99

Údar ildánach

Leabhar breá eile anseo againn ó pheann an údair ildánaigh cháiliúil, Éireannach sin, John Boyne. Tá mé cinnte go bhfuil cuimhne againn uilig fós ar an leabhar corraitheach, tochtmhar, eile sin a shil óna pheann, “The Boy in the Striped Pyjamas” leabhar mór-ráchairte idirnáisiúnta, atá i gceist agam anseo, nó sin leabhar nach bhféadfá dearmad a dhéanamh air go luath, agus leabhar freisin a bhfuil thart ar chúig mhilliún cóip de díolta cheana féin, ach tá mé ag ceapadh go bhfuil a shárú de leabhar curtha ar fáil aige anois, sa leabhar seo, Mutiny on the Bounty. Ní call dom tagairt a dhéanamh don úrscéal is déanaí óna pheann, The Absolutist, nó scríobh mé píosa faoi, sa cholún seo, ar na mallaibh. Sea, agus tá fáil ar a chuid úrscéalta i dtrí theanga agus dhá scór, go nuige seo!

Ach cé hé an t-údar sciliúil, scéaltach, seo, a bhfuil na leabhair sin i measc na leabhar iontacha atá curtha ar fáil aige dúinn, cheana féin?

Éireannach isea John, a rugadh agus a tógadh i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 1971. Tá cúig úrscéal curtha ar fáil aige, cheana fein, duaiseanna tábhachtacha gnóite aige, agus é ainmnithe do dhuaiseanna gradamacha eile, gan trácht in aon chor, ar an gcáil idirnáisiúnta atá saothraithe aige lena chuid scríobhnóireachta.

Staidéar agus Taighde

Ach le filleadh ar an leabhar corraitheach seo, Mutiny on the Bounty, thóg an t-údar scéal a bhí go mór i mbéal an phobail, cheana féin, agus chuaigh sé siar ar chúrsaí an scéil agus rinne sé staidéar, agus taighde, ar ábhar agus ar fhíricí an scéil, agus ansin, rinne iarracht ar an scéal ar fad a shníomh ina úrscéal spéisiúil, corraitheach. Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é an déagóir, John Jacob Turnstile, an príomhcharachtar sa scéal, agus is trína bhéal siúd a insíonn an t-údar an scéal. Gadaí óg, sciliúil, gairmiúil, ba ea an déagóir seo, agus é i mbun a cheirde ar shráideanna Phortsmouth Shasana, agus é i mbun na hoibre sin faoi stiúir an choirpigh déanta sin, Mr. Lewis. Tharla, lá amháin, agus é ag cleachtadh a cheirde, gur rugadh air ag goid uaireadóra ó dhuine uasal ón bhFrainc, arbh ainm dó, Mr. Zela. Tháinig na póilíní. Cuireadh an dlí ar John Jacob. Agus ba é deireadh an scéil é, nó gur daoradh chun bhlian príosúntachta é. Bhuel, d’éirigh le Mr. Zela, teacht i gcabhair air, agus, dá mbeadh John Jacob sásta dul ar bord an Bounty, le bheith ina sheirbhíseach ag an gCaiptín Bligh, ní bheadh air fiú, lá amháin a chaitheamh sa phríosún. Ní call dom a rá, go raibh an gasúr óg sásta go maith le tairiscint an duine uasail, agus le sin, tógadh ar bord an Bhounty é, agus ba ghearr go raibh siad ag seoladh leo amach ó chóstaí na Breataine, agus Oileán Tahiti mar cheann scríbe acu.

Bhí go maith! D’éirigh leis an ngasúr sin, a chuid oibre a dhéanamh go críochnúil, paiteanta, don Chaiptín Bligh, agus d’fhás snaidhm caradais idir é fhéin agus an Caiptín. Cuirtear síos go mion ar na deacrachtaí a bhain le seoltóireacht trí farraigí fiáine i lár an Gheimhridh, agus cuirtear síos freisin, ar an smacht a bhíodh ag caiptíní ar mhairnéalaigh, an tráth úd. I ndeireadh na dála áfach, shroicheadar Tahiti agus chuadar i mbun an ghnó a bhí le déanamh acu ar an oileán sin. Thóg sin roinnt mhaith ama, agus nuair a bhí a ngnó ansin curtha i gcrích acu, agus nuair a bhí chuile shórt réidh, d’ordaigh an Caiptín Bligh dá mhairnéalaigh an t-oileán a thréigint.

Ceannairc ar an mBounty

Bhuel, anois, bhí blas faighte ag na mairnéalaigh ar an saol breá, bog, a bhí le fáil acu ar an oileán, agus theastaigh ó roinnt acu fanacht ansin, nó bhí aithne curtha ag roinnt mhaith acu ar mhná an oileáin, mná a roinn leo go fial, flaithiúil, i rith an ama a chaitheadar ina gcomhluadar. Bhuel, nuair a bhí siad amuigh ar an ndomhain, shocraigh roinnt de na mairnéalaigh dul chun ceannairce, faoi cheannas an ghaige, Fletcher Christian. D’éirigh leo an Caiptin Bligh a ruaigeadh as an mBounty, agus é ar intinn acu ansin filleadh ar Tahiti, nó ar cheann eile de na hoileáin iomadúla a bhí sa chomharsanacht. Tugadh bád oscailte dóibh siúd a d’fhan dílis don Chaiptín, ocht nduine dhéag ar fad acu, agus ligeadh le sruth agus le gaoth iad. Bhuel! ba bheag bia nó tada dá leithéid a bhí acu, ach d’éirigh leo, ar éigean, tar éis dóibh ocht lá is dhá scór a chaitheamh ag seoladh leo, faoi stiúir an Chaiptín Bligh, agus tar éis dóibh deachrachtaí iomadúla a shárú, d’éirigh leo Timor a bhaint amach, áit ar tugadh togha na haire dhóibh...

Anois, céard a tharla ina dhiaidh sin? nó céard a tharla ar an dturas achrannach, céasta, cráite, sin, i mbád oscailte, ar feadh na laethe fada, fuara, fánacha, a chaitheadar ag rámhaíocht leo trí na farraigí fiáine...bhuel, níl fúmsa an chuid sin den scéal a insint dhuit anseo, nó mhillfeadh sin an scéal corraitheach sin ortsa. Ach le fios fátha chuile scéal a fháil, mholfainn dhuit cóip den leabhar seo a fháil, agus a léamh, ar do shócúlacht.

An-scéal, leagtha os ár gcomhair ag máistir seo na scéalaíochta. Bainfidh tú taitneamh as ‘Ceannairc ar an mBounty’, cuirfidh mé geall.....