I mBéal an Phobail

(This week ‘I mBéal an Phobail’ takes a look at the recent Press Release issued by Conradh na Gaeilge and Guth na Gaeltachta)

(This week ‘I mBéal an Phobail’ takes a look at the recent Press Release issued by Conradh na Gaeilge and Guth na Gaeltachta)

An Ghaeilge a bheidh thíos leis!

Fuair mé Preasráiteas, ar na mallaibh, ó Chonradh na Gaeilge agus ó Ghuth na Gaeltachta, ag maíomh go mba ábhar buartha do phobal na Gaeilge cinneadh úd an Rialtais, go gcuirfí deireadh feasta le hOifig an Choimisinéara Teanga, mar oifig reachtúil neamhspleách agus go ndéanfaí a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman, mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil phoiblí. Ba é tús an Phreasráitis a d’eisigh siad nó...

“CROÍ NA hACHTA TEANGA 2003 LE BAINT AG AN RIALTAS NUAIR A DHÚNFAR OIFIG AN CHOIMISÉANARA TEANGA.”

Is é adeir Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, nó go bhfuil fógra seo an Rialtais ar an gcinneadh is meathlaí, agus is cúlaithí dá bhfuil glactha ag Rialtas ar bith, i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge, le blianta fada anuas. Glacadh leis an gcinneadh sin, bíodh go raibh aithbhreithniú poiblí fógartha acu, coicíos roimhe sin, maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla, athbhreithniú go mbeadh ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár. An fiú, mar sin, don phobal, páirt a ghlacadh sa chomhairleachan seo, más rud é go bhfuil na cinntí déanta cheana féin ag an Stát, nó ag seirbhísigh an Stáit? Deir sé freisin, go bhfuil obair ar dóigh déanta ag Seán ó Cuirreáin, an Coimisinéir Teanga, le déanaí, i dtaca le monatóireacht ar chomhlachtaí poiblí, lena chinntiú go gcoimhlíonann siad forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus tá siad (Oifig an Choimisinéara) tar éis comhairle den chéad scoth a chur ar fáil don phobal, maidir lena gcearta faoi’n Acht céanna sin. Deir siad freisin, “Creideann pobal na Gaeilge i neamhspleáchas na hOifige, tá muinín acu aisti, agus tá seo anois á chur i mbaol ag an Rialtas.”

Guth na Gaeltachta

Is é adeir Eamonn Mac Niallais, Urlabhraí Ghuth na Gaeltachta. “Tá sé dochreidte go bhfuil a leithéid de chinnidh á ghlacadh agus muid ag cur tús le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge, 2010 – 2030, de chuid an Rialtais. Níl bun na barr leis an chinneadh, agus beidh an-amhras go deo ar phobal na Gaeilge go bhfuil an Rialtas seo dáiríre faoi phleanáil go straitéiseach do phobal na teanga ar chor ar bith anois.” Léiríonn sin uilig, dár le daoine áirithe, nach bhfuil an Rialtas i ndáiríre in aon chor faoi Acht na Teanga a chur i bhfeidhm.

Cuireann an Preasráiteas in iúl freisin, nach bhfuil aon sábháil airgid le déanamh as an chinneadh seo. Ní chaillfear postanna, nó is amhlaidh a súfar oibrithe Oifig an Choimisineara Teanga isteach in Oifig an Ombudsman. Sea, agus deir sé freisin, go bhfuil ’chuile sheans ann, go gcosnódh sé tuilleadh airgid leis na hoibrithe sin a aistriú ó Oifig amháin go dtí an Oifig eile. Tuigtear do lucht an Phreasráitis, gur bheag an spéis a a léiríodh sa chinneadh céanna sin.

“Beart de réir ár mBriathar”

Mar chríoch lena ráiteas, iarann an Conradh, agus Guth na Gaeltachta, ar an Taoiseach agus ar an Tánaiste, beirt a bhfuil spéis mhór acu sa Teanga fhéin agus i bPobal na Gaeilge. Iarann siad orthu, cluas a thabhairt dá n-éileamh, agus “an cinneadh seo a fhreaschur, agus tacú le hobair mhaith éifeachtach, neamhspleách, Oifig an Choimisinéara Teanga.”

Anois an t-am againne lenár dtacaíocht, do chur chun cinn na Teanga, a léiriú, trínár dtuairimí faoin gceist seo a chur in iúl dár dTeachtaí Dála. Ní hé seo an t-am lenár maidí a ligean le sruth. B’fhéidir nach bhfuil ó chuid acu ach gaoth an fhocail, mar sin, ná déanaimis dearmad ar ‘Bheart’ nó ar ‘Bhriathar’ sna laethe atá romhainn amach.