Irish Column - I mBéal an Phobail

(I mBéal an Phobail this weeks re-visits the “Santa Ynez Mission”, in California.)

(I mBéal an Phobail this weeks re-visits the “Santa Ynez Mission”, in California.)

Misean Santa Ynez

(Atheagar ar phíosa a scríobh mé blianta ó shoin.)

Ar an gCéadaoin, an fichiú lá de Lúnasa, 2003, thug mé cuairt ar Mhisean Santa Ynez, i gCalafóirnia, nó tharla ag an am, go raibh mé ag iarraidh cuairt a thabhairt ar na Misin uilig sin, a thóg na Spáinnigh fan chósta Chalafóirnia, nó tuigeadh dóibh, go bhféadfaidís cumhacht na Spáinne a leathnú sa tír ollmhór sin, dá n-éireodh leo an Soiscéal a chraoibhscaoileadh i measc na náisiún Indiach a bhí ag cur fúthu sna dúthaigh sin, ag an am. Chuireadar rompu fiche Misean a thógáil sna bólaí sin, idir San Diego agus San Francisco, agus ba é Misean Santa Ynez, an naoú ceann déag den scór sin. Agus ní hamháin go n-éireodh leo cumhacht na Spáinne a leathnú sa tír sin, trí thógáil na Misean céanna sin, ach ag an am gcéanna, tuigeadh dóibh, go raibh súil bhradach á chaitheamh ag na Rúisigh ar an dtaobh céanna tíre, agus é d’aidhm acusan, a gcumhachtsan a leathnú ó dheas ansin freisin, ach, dá n-éireodh leis na Spáinnigh i bhfiontar na Misean, chuirfeadh sin críoch obann le sainnt na Rúiseach, sa taobh sin tíre. Bhí go maith. D’éirigh leis na Spáinnigh ina bhfiontar siúd, agus ní dheachaigh na Rúisigh níos faide leis an scéal.

Ionradh na Meicsiceach

Faoin mbliain 1836 áfach, ghabh na Meicsicigh seilbh ar an gcuid sin de Chalafóirnia, choigistigh na misin, agus rinne iad a dhí-eaglaisiú. Baineadh úsáid as Misean Santa Ynez mar Choláiste, ar feadh scathaimh, ach faoin mbliain 1862, tugadh thar nais don Eaglais arís é, agus uaidh sin i leith, baineadh úsáid go leanúnach as, mar Theach Pobail, ag freastal ar phobal Dé sa limistéar sin. Misean an-mhór is ea Misean Santa Ynez, agus chomh maith le bheith ag freastal ar an bpobal sin mar Shéipéal, bhí sé acu freisin mar Iarsmalann, leis na seoda iomadúla a bhain le ré na Spáinneach a chur ar teaspáint inti. Agus arís, chuir sé ionadh ár gcroí orainn, an oireadh sin iarsmaí ón tseansaol a fheiceáil bailithe, rangaithe, feistithe, agus ar teaspáint ansin.

An tAthair Albert arís

Ar ár mbealach amach as an Misean áfach, isea a baineadh stangadh ceart asainn, nó ansin ar bhalla, agus in áit fheiceálach, chonaic muid pictiúr den Sagart Gaelach sin, an tAthair Albert Bibby, fear a chuaigh, nó a cuireadh, ar imirce, óna Mhainistir fhéin anseo i gCill Chainnigh, le dul ag freastal ar phobal Críostai i bhfad ó bhaile, i Misean Santa Ynez. Ní gá a rá, gur stadamar tamall, ag breathnú ar a raibh le feiceáil, agus le léamh againn, i bhfógraí timpeall an phictiúir chéanna sin. Bhí le léamh againn ansin freisin, gearrthóga as nuachtáin an ama, ina bhfuair muid amach gurbh é an tAthair Albert an chéad Tréadaí Capaisíneach, a ceapadh ar Mhisean Santa Ynez. Chaith sé bliain iomlán i mbun an ghnó sin, agus b’in sin, nó ag deireadh na tréimhse sin, sa bhliain 1925 Cailleadh an fear bocht ansin, i bhfad ó bhaile. Cuireadh i Reilg an Mhisin é.

Ar ball, chaitheamar tamall ag guairdeall timpeall an Mhisin, ag tabhairt chuile cheo faoi dheara, agus nuair a bhí ár ndóthain feicthe, cloiste, againn, d’fhágamar slán ag an Misean cáiliúil, calafóirneach, céanna, sin, ach má dhein fhéin, thógamar linn ualach asail de chuimhní, de phictiúir, agus de stair chorraitheach na dúiche áille sin. cuimhní a ardóidh ár misneach, lá is fuide anonn.