Í mBéal an Phobail

Ár bhfís san Aonú hAois Fichead?

Irish Column

Peader Bairéad

Reporter:

Peader Bairéad

Email:

patandpeter@gaelic.ie

Ár bhfís san Aonú hAois Fichead?

Í mBéal an Phobail

Súil siar agus an tsúil eile romhainn amach
(Anois, agus muid tagtha go deireadh bhliain chomóradh céid Éirí Amach na Cásca 1916, nár chóir dúinn súil a chaitheamh siar, le breith a thabhairt ar a bhFís agus ar a Saothar, agus an tsúil eile a chaitheamh romhainn amach, féachaint céard tá le déanamh againne, le feoil a chur ar chnámha ár bhFíse náisiúnta fhéin )
Bhuaileadar cos air!
Bíodh go raibh cuimhne mhaith ag daoine fós ar eachtraí an Éirí Amach agus mise ag fás aníos in Iorras na nIontas, in óige na haoise seo caite, ag an am gcéanna, ba bheag fonn a bhí orthusan labhairt linne, páistí, faoin Éirí Amach céanna sin. Bhuaileadar cos air. ‘Tuige? adéarfadh duine, b’fhéidir? Nach fusa ceist a chur na ceist a fhreagairt, ach seans go bhfacthas do chuid acu, gur bheag baint a bhí ag an Éirí Amach céanna sin leosan fhéin, nó linne. Nár rud é a bhain leis an gCathair? agus bíodh go raibh roinnt áirithe daoine a bhí báidhiúil lena bhfís, agus lena ndearcadh, níor mhothaíomarna, páistí, bladhairí ón dtine chéanna sin ag téamh anam nó spiorad an phobail thart orainn. Ach faoin am a raibh muid ag dul ar scoil, ba scéal eile ar fad é, nó d’fheicfeadh duine ar bith, ansin, go raibh fís agus spiorad na Cásca sin, dulta go smior na gcnámh sna múinteoirí a bhí dár dteagasc.
Ar scáileán na cuimhne
Feicim fós, ar scáileán na cuimhne, an Máistir Ó Cróinín, agus é faoi lán tseol, ag eachtraí dúinne, scoláirí, faoi mhisneach agus gal na Laoch úd a d’éirigh amach, le cath a cur ar Impireacht Shasana, seachtain na Cásca 1916. Ba ghearr go ndeachaigh an fhís agus an spiorad céanna sin i bhfeidhm orainne freisin, go dtí gur taibhríodh dúinne fís náisiúnta an Phiarsaigh agus a lucht leanúna. Bhí tine an náisiúnachais fós beo, i measc bhunús an phobail, ach le himeacht aimsire áfach, agus de réir mar a chuaigh caitheamh sna laethe agus sna blianta, chuaigh an fhís sin i ndoiléire, agus ba ghearr nach raibh ann, do roinnt mhaith daoine, ach fís Útóipeach a ndéantaí óráidíocht fúithi laethe toghchánaíochta agus a leithéid, ach fágadh ansin gan choimhlíonadh í, ag fanacht leis an lá nuair a thiocfadh an tuar faoi thairingreacht úd an Phiarsaigh, mar adéarfá. Ach dár lena lán, ni raibh sa mhéid sin ach ‘súil Uí Dhubhda le hArd na Ríogh’. Ag an am gcéanna, níor chóir dúinn bheith ró-dhian orainn fhéin, nó ar ár Rialtais thar na blianta fada, san idirlinn, nó ní ró-éasca an t-éacht é fís na Cásca a chur i ngníomh, go háirithe nuair a ligeadh faill a dhéanta sin tharainn, faill le feoil a chur ar chnámha na físe úd, in óige an Stáit, nuair a bhí tine na físe náisiúnta fós beo i gcúrsaí a saoil laethúil, seachas bheith ar thóir físe na Cásca a réaladh, tráth a raibh coraí crua an tsaoil á gcrá, agus á gcéasadh, Domhnach agus Dálach, bliain i ndiaidh bliana. Anois, bíodh gur mar sin a bhí, ag an am gcéanna, ní dheachaigh an tine choigilte úd as, ar fad, i rith na mblianta fada sin, agus anois tá deis eile againn leis an dtine sin a adhaint arís tar eis chomóradh céid Éirí Amach na Cásca 1916.
Toradh an Éirí Amach?
Nach mbíonn fonn ar dhuine, faoin am seo freisin, ceist a chur faoi’n Éirí Amach céanna sin? Cén toradh, i ndáiríre, a bhí ar Éirí Amach sin na Cásca? An mbeadh na daoine a chuaigh amach seachtain na Cásca 1916 sásta leis an gcaoi ar baineadh úsáid as toradh a n-íobartha? Tríd is tríd, déarfainn go mbeadh, nó is dócha gurbh é a theastaigh uathusan nó Poblacht a bhunú ina mbeadh ar chumas Gaeil a n-iomaire fhéin a bhaslú feasta, b’fhéidir nárbh é - The noble house of their dreams - é, ach d’fhéadfaí é a athrú le himeacht aimsire. Ní dócha gur samhlaíodh riamh dóibh an cineál Poblachta a tógadh ar dhúshraith a n-iarrachtaí, agus a bhfíse, ach b’in scéal eile do ghlún eile. Anois, áfach, tá deis againne, breathnú, as an nua, ar an bPoblacht a fuaireamarna mar oidhreacht uathu, agus cibé athrú atá inmhianaithe, dár linne, a chur i gcrích feasta. Ní fís fichiú aoise a oirfidh anois, b’fhéidir, ach fís a d’oirfeadh don aonú haois fichead. Anois an t-am le súil a chaitheamh siar uainn, ach ag an am gcéanna, is tráth é leis an tsúil ghéar eile a chaitheamh ar ár ndán san aois a shíneann amach romhainn sa todhchaí.