Amongst Our Own – I gCeartlár ár nDaoine Céadchló 2016 This week we review Tomás Bán O’Raghallaigh’s ‘The Inniskeas’

Í mBéal an Phobail - Kilkenny

The Inniskeas

Peader Bairéad

Reporter:

Peader Bairéad

Email:

patandpeter@gaelic.ie

Town Hall Kilkenny

Tholsel Kilkenny

Scéal Inis Cé
Seo an chéad leabhar ó dhuine de bhunadh Inis Cé, faoi na hOileáin agus faoi shaol is faoi shaothar mhuintir na nOileán sin. Déanann an t-údar tagairt freisin do mhuintir Pharáiste na Cille Móire, nó nár chuid den pharáiste sin iad pobail Inis Cé? Ní call dom a rá go bhfuil dhá oileán idir chamáin againn anseo, Inis Cé Thuaidh agus Inis Cé Theas. Ní hé seo an chéad uair agamsa píosa a scríobh anseo, ‘I mBéal an Phobail’, faoi na hOileáin chéanna sin, agus faoi Bháthadh mór Inis Cé sa bhliain 1927, agus faoin chaoi ar tréigeadh na hOileáin sin sna luath triochaidí, agus faoin chaoi ar socraíodh bunús a bpobail sna bailte, Glais, agus Nakil, (Surgeveiw), ar ghob theas Leithinis an Mhuirthead.
Rugadh agus tógadh an t-údar i Surgeview cóngarach don bhFód Dubh sa bhliain 1952, agus is iaroibrí de chuid Éircom é, a bhfuil cónaí air faoi láthair i mBéal an Átha. Chuir sé suim, agus dhá shuim, óna óige i leith, i seanchas a mhuintire, agus chuala sé an-chuid scéalta le linn a óige ó dhaoine ar chuid de phobail na nOileán iad. Sa tslí sin, bhailigh sé an-chuid eolais faoin bpobal ar díobh é, agus cuireann sé an t-eolas sin ar fáil go fial, flaithiúil, dúinn anois, i mBéarla, sa leabhar breá seo faoi na hInniskeas.
Ach le filleadh ar na hOileáin agus ar an leabhar seo. Deir an t-údar linn go raibh thart ar leathchéad clann i bpobail na nOileán, tráth thréig siad dúiche a sinsir sna luaththriochaidí. Labhraíonn an t-údar i dtosach, faoi Logainmneacha, agus ansin faoi na hOileánaigh, agus faoi “na chéad daoine a d’áitigh Inis Cé”, thart ar 1760, faoi mar a d’inis a mháthair dó agus é ina ghasúr ag fás suas i Surgeview. Fuair sé an-chuid scéalta freisin faoi na seanlaethe, ó dhaoine a rugadh agus a tógadh ar na hOileáin, nuair a bhí pobail na nOileán faoi bhláth. Labhraíonn sé faoi stair na dúiche uilig, agus faoin chaoi ar deineadh forbairt ar bhóithre agus ar bhailte ann. Scríobhann sé faoi stair na dúiche, agus faoi mar a chuir líonadh agus trá chúrsaí náisiúnta isteach ar shaol agus ar shaothar na bpobal sin. Tá cur síos le fáil ón údar freisin, ar logainmneacha na dúiche, agus faoin seanchas a ghabhann lena mbunús, faoi Thobar Dheirbhile, faoin bhFál Mór, faoin Túr a tógadh i nGlais, faoi ‘Ghlún an Asail’, faoi thithe galánta sna dúiche timpeall, agus faoi thuilleadh dá leithéid.
Is breá suimiúil iad na pictiúir atá le feiceáil againn, ar na leathanaigh ó 150 go dti 169, agus na léirscáileanna ar na leathanaigh ó 170 go dti 173, mar a dtugann sé suíomh na dtithe inar socraíodh na teallaigh áirithe ó Inis Cé. Ansin tá píosa breá le fáil faoi shloinnte na ndaoine a d’áitigh na hOileáin agus na duiche timpeall, thart ar an am sin. I measc na Sloinnte sin tá Bairéadaigh, Breathnaigh, Gáchánaigh, Maoineachánaigh Croithínigh, Raghallaigh, agus tuilleadh. Ní gá a rá, gur spéisiúil a bhfuil le rá ag an údar faoi na clanna áirithe sin.
Agus le críoch a chur lena scéal, tugann an t-údar cupla ábhar spéisiúil eile dúinn i ndeireadh an leabhair dea-dheartha, dea-thaighdithe, dea-scríofa, seo, agus sin iad Amhráin Inis Cé, agus Tairngireachtaí Bhriain Rua Uí Chearrbháin, agus chomh maith leo sin, tá ainmneacha an deichniúir iascaire a cailleadh oíche an ochtú lá fichead de Mhí Dheireadh Fómhair 1927, agus píosa beag fúthu, le fáil ar na leathanaigh ó 485 go dtí 487. tá an píosa seo mar chloch phréachain ar an scéal ar fad, faoi mar a bheadh inscríbhinn ar leacht na n-iascairí a cailleadh i ‘27. Cuireann an t-údar críoch lena scéal i gCaibidil a Seacht, le Tairngreacht Bhriain Rua. Ní call dom a rá, go mbíodh eolas ag chuile Iorrasach ar na Tairngreachtaí céanna sin, sea, agus bhíodh siad de ghlan mheabhair ag roinnt áirithe daoine. Nuair a tharlaíodh aon rud neamhghnách deireadh duine eicínt, “Nach raibh sin ráite i dTairngreacht Bhriain Rua?
Is iontach go deo an méid eolais faoina bhunadh fhéin, na Raghallaigh, agus
faoi bhunadh a dhúiche, atá bailithe, agus leagtha os ar gcomhair, ag Tomás Bán Ó Raghallaigh sa leabhar seo. Tá mé ag ceapadh, go gcuirfidh daoine fáilte is fiche roimh an leabhar breá seo faoi Oileáin dearmadtha Iorrais, nó díríonn an leabhar seo tóirse an taighde ar Inis álainn Cé.