Saolaíodh Áilleacht Uafar 2

Thoughts of the Rising, and of its leaders, are beginning go come to the fore as we approach the centenary of that Easter Week 1916

Áilleacht an tSaoil seo

‘Áilleacht an tsaoil seo’ a bhaist mé ar shraith altanna a scríobh mé, blianta ó shoin anois, agus mé ag smaoineamh ar dhán úd an Phiarsaigh ...”The Wayfarer”, faoi Áilleacht an tSaoil seo.

“The beauty of the world hath made me sad,

This beauty that will pass.

Sometimes my heart hath shaken with great joy

To see a leaping squirrel in a tree,

Or a red lady-bird upon a stalk,

Or little rabbits in a field at evening,

Lit by a slanting sun”

Sea, nár chumasach an file i mbun pinn é? agus nár leochaileach é luí a smaointe ar iontaisí an dúlra? I laethe an Phiarsaigh, bhí an tír seo fós faoi smacht Shasana, agus bíodh go raibh roinnt dár bpobal oilte agus sciliúil i gcúrsaí polaitíochta, agus riaracháin, ag an am gcéanna, ní raibh cleachtadh faighte fós ag éinne acu ar rialú tíre, An tráth sin freisin, ó bhunú eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthcheas Gael, agus Sinn Féin, lean spiorad an náisiúnachais ag fás is ag forbairt i measc mhuintir na tíre ársa seo, Ní call dom a rá, go raibh an Piarsach fhéin páirteach sna gluaiseachtaí nua sin, tharla go raibh sé bainteach le hiriseoireacht, le múinteoireacht, agus le litríocht, tráth a raibh na fórsaí réabhlóideacha sin ag múnlú, agus ag dul i bhfeidhm, ar phobail na tíre. Breathnaigh ar an tír, faoi mar a bhí, an tráth úd, agus faoi mar atá sí inniu, agus tabharfaidh tú faoi deara, an fás ollmhór a tháinig ar shaol eacnamaíochta, agus ar stíl bheatha na muintire, san idirlinn, agus feicfidh tú freisin, gur tháinig fás as cuimse ar fhís, agus ar aisling, mhuintir na hÉireann, sa tréimhse chéanna sin.

“The Fool”

Chreid an Piarsach go raibh seans ann, go bhfíorófaí a fhís, agus go dtiocfadh an ‘Éire Gaelach’ úd i réim, ar ball.

“O wise men riddle me this

What if my dream comes true?

What if my dream comes true

And if millions unborn should dwell

In the house I have shaped in my heart

The noble house of my thought.”

Thuig an Piarsach ina chroí istigh, céard a bhí uaidh, agus chuaigh sé i mbun oibre, go luath ina shaol, le sin a chur i gcrích. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge, agus in éineacht le spiorad na teanga sin, shlog sé siar neamhspleáchas fiáin an Ghaeil. Sea, agus d’fhoghlaim sé freisin ceird na saighdiúrachta. Ná ceap anois, go mba ghaeilgeoir buile, amach is amuigh é, nó níorbh ea, nó ba é an chuspóir a chuir sé roimhe sa scoil sin, nó córas dhátheangach a bhunú, sa chaoi go mbeadh idir Ghaeilge agus Bhéarla ag daltaí Scoil Éanna. Ba sa Bheilg a chonaic sé mar a d’oibrigh córas dá leithéid sin go seoigh. B’in an chuspóir a chuir sé roimhe mar oideachasóir i Scoil Éanna. Breathnaigh freisin ar a chuid iriseoireachta, agus ar a chuid scríbhneoireachta. Bhí meas aige ar an dá theanga, agus gan fuath aige do cheachtar acu. Déarfainn go bhfuil sin le feiceáil go soiléir, sna focail seo, óna pheann fhéin....

...”and he who would segregate Irish history, and Irish men, into two sections.....Irish-speaking and English-speaking is not helping towards achieving Ireland a Nation...”

Caolaigeantach ?

Déarfainn go bhfuil sé soiléir go maith ón méid sin, nach raibh aon chaolaigeantacht ag baint leis an bPiarsach, chomh fada is a bhain sé le cúrsaí teanga. Ach céard faoi’n ráiteas úd....

“Not free merely but Gaelic as well,

Not Gaelic merely but free as well.”

Nach sásódh an dátheangachas forálacha na fise sin? Agus tabhair faoi deara freisin, chomh cóngarach is a thagann an dearcadh sin do fhís Mhic Dhiarmada, ach shásófaí eisean dá mbeadh Gaeltacht agus Galltacht i réim sa tír, rud nárbh ionann is dátheangachas. B’fhearr é fís an Phiarsaigh, agus seans aige teacht i dtír, ar feadh tréimhse, ar aon nós.