Leabhar den scoth

'On an Irish Island' by Robert Kanigel Céadchló 2012 $26.95 This week we review Robert Kanigel's, 'On an Irish Island'

Leabhar den scoth

Bronntanas

Seo leabhar a fuair mé mar bhronntanas le déanaí. Shocraigh mé ar thabhairt faoi’n leabhar a léamh agus thaitin sé go seoigh liom. Ach, cé hé an t-údar seo, Robert Kanigel, arsa mise liom fhéin, i dtosach báire? nó níl a chuma ar a ainm gur de bhunadh an Oileáin é. Fuair mé amach, ar ball, go mba údar aitheanta Meiriceánach é, a bhfuil sé leabhar cháiliúla curtha dhe aige cheana féin, agus leabhair iad sin a bhfuil cáil bainte amach acu dá n-údar i bhfad agus i ngearr. Nach bhfuil an-chaint faoi cheann acu, ‘The Man who knew Infinity’?

Ach le filleadh ar an leabhar iontach fhéin...

Stair phobal an Bhlascaoid Mhóir sa chéad leath den bhFichiú haois, agus scéal na scoláirí móra, agus na cuairteoirí aithnidiúla a mealladh chun an oileáin sin, ar chúis amháin nó ar chúis eile, sa tréimhse úd, atá le fáil againn idir chlúdaigh an leabhair shuimiúil seo. Tuige ar cuireadh an oiread sin suime san oileán iargúlta sin, an tráth úd, a d’fhiarfódh duine, b’fhéidir? Is dócha gur tuigeadh dá lán de na cuairteoirí sin, go raibh pobal, agus teanga, agus córas maireachtála, comharsanúil, ar leaba a bháis ar an mBlascaod Mór, agus nach raibh mórán ama fágtha acu le haithne a chur ar an leagan amach daonna sin, sula dtarlódh san ionad sin, faoi mar a tharla cheana ar fud na hEorpa, agus tuigeadh dóibh freisin, nach mbeadh a leithéidí le fáil go deo arís. Ba é an seans deiridh é le chuile eolas fúthu a bhreacadh síos, agus a bhlaiseadh, sula nífí a gcosa agus sula bhfágfaí a n-oidhreacht ag faoileáin agus ag éanacha mara na bhfarraigí timpeall.

Cuairteoirí scolártha

Bhí John Millington Synge ar dhuine de na chéad daoine a thug cuairt dá leithéid ar an mBlascaod Mór, sa bhliain 1927, ar chomhairle Yeats, deirtear, fear ar tuigeadh dó, go raibh fáil fós ar chóras beatha dúchasach ár ndaoine ar an Oileán scoite céanna sin. Ní gá a rá, gur thug Synge cuairt ar Oileán Árann, sular mealladh chun an Bhlascaoid é. Tuigeadh do dhaoine áirithe freisin go raibh pobal an Bhlascaoid ar tí athrú ó chultúr an tseanchaí go cultúr na leabhar, agus faoi mar a dhearbhaigh Tomás Ó Criomhthain fhéin, nach mbeadh a leithéidí ann arís. Fear eile a thug cuairt scolártha ar an Oileán ba ea Carl Marstrander, teangeolaí aithnidiúil Iorúach, fear a ghéill a áit ar an bhfoireann Oilimpeach Iorúach, ar mhaithe le Samhradh a chaitheamh ar an mBlascaod Mór. Chaith Marie-Louise Sjoestedt seal ansin freisin, bean a raibh staidéar déanta aice ar ‘Celtic Studies’ i Sorbonne na Fraince. Chomh maith leo sin uilig, bhí George Thomson, Sasanach, ar scoláire clasaiceach den scoth é, agus cainteoir líofa, blasta, Gaeilge freisin, fear a thug a chéad chuairt ar an Oileán nuair a bhí sé thart ar scór bliain d’aois, agus a bhí ina chuairteoir rialta ar an mBlascaod uaidh sin amach go deireadh a shaoil. Sea, agus cá bhfágfainn Robin Flower, an Bláithín fhéin? agus ní call dom a rá, go raibh Gaeil freisin i measc na scoláirí cáiliúla a chaith a ndúthracht ag iarraidh cultúr agus teanga an Bhlascaoid a chur ó bhaol.

Saothar Pinn na nOileánach

Ba é an saothar ba thábhachtaí a dhein na cuairteoirí sin uilig, nó gur chuir siad ina luí ar Oileanáigh áirithe, gur chóir dóibhsean luí isteach ar a scéal fhéin a chur ar phár, ar mhaithe len iad a shábháil do na glúnta a bhí le teacht. Ba é toradh a bhí ar a n-iarrachtaí nó gur dhein Oileanáigh áirithe rud orthu, agus gur chuireadar sraith leabhar ar fáil don saol mór, leabhair a chuaigh i gcionn ar dhaoine ó cheann ceann na cruinne, leabhair ar nós ‘An tOileanach’ le Tomas O Criomhthain, ‘Fiche Bliain ag Fas’ le Muiris O Suilleabhain ‘Peig’ le Peig Sayers, agus tuilleadh ar an dtéad céanna sin.

Más uait seal a chaitheamh ag dul siar bóithrín na smaointe, agus seal a chaitheamh i gcomhluadar na ndaoine sin uilig atá luaite agam thuas, níl le déanamh agat ach greim a fháil ar leabhar iontach, suimiúil, dea-thaighdithe seo, le Robert Kanigel. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú taitneamh as.