As Gaeilge - This week we consider some of The Broadcasting Authority of Ireland’s new rules

Más maith fhéin, nach mithid?

Is dócha gur chuala tú an scéal, a foilsíodh ar na mallaibh, go bhfuil Údarás Craolacháin Éireann meáite ar chóras nua iompair a chur i bhfeidhm ar a gcuid láithreoirí, agus ar a gcuid iriseoirí, ón gcéad lá d’Iúil 2013, á gcosc feasta ar a dtuairimí fhéin a nochtadh, i gcás cheisteanna chonspóideacha poiblí. Más mall fhéin, nach mithid! adéarfadh daoine áirithe, nó dár leosan, tá siad tinn tuirseach de bheith ag éisteacht le tuairimí láithreoirí áirithe, mar chuile dheis a fhaigheann an dream céanna sin, buaileann siad diallait ar sheantuairim sheasc, sheanchaite, agus le fuip, agus le spoir, marcaíonn leo, ar nós na gaoithe, timpeall an tseanchúrsa chéanna arís agus arís eile. Agus dár leis na daoine céanna seo, ní bhaineann sin dá ngnó, dubh, bán, nó riabhach, mar nach é a ngnó siúd nó deis a thabhairt dá n-aionna a dtuairimí-sean a nochtadh don phobal, rud a thugann le fios don phobal, go bhfuil tuairimí éagsúla ag daoine áirithe ina measc. Sea, agus déarfadh na daoine céanna seo, gur lú go mór fada an ceart a bheadh ag iriseoir a leagan fhéin ar chúrsaí a chur abhaile ar a lucht éisteachta, nó ar a lucht féachana. Cothroime, oibiochtúlacht, agus neamhchlaontacht, na cáilíochtaí inmhianaithe, le post dá leithéid a choimhlíonadh go cuí.

Dár leis na hÚdaráis anois, ní bheidh sé ceadmhach feasta, ag iriseoir, nó ag láithreoir, a thuairimí fhéin a fhí isteach ina chlár, ach amháin i gcás go gcuireann sé in iúl dá lucht éisteachta go bhfuil a dhearcadh pearsanta fhéin, ar ábhar áirithe, á chur chun tosaigh aige.

Dhá thaobh ar an scéal!

Caithfear a admháil, go bhfuil an-difir idir chlár nuachta agus clár díospóireachta. I gcás an chlár nuachta, ní bheifear ag súil go ndéanfadh an léitheoir eagarthóireacht ar bith ar an nuacht a bheadh á léamh aige. Is é a ghnó nó an nuacht a léamh, ach i gcás chlár díospóireachta, bhuel, bheadh cead ag an láithreoir, ar mhaithe le tuairimí an díospóra a shoiléiriú, bheadh sé ceadmhach sa chás sin, cheapfá, dearcadh éagsúil a chur inár láthair, ach fiú i gcás dá leithéid, níor ghá go mba é tuairim phearsanta an láithreora fhéin a bheadh á chur i láthair.

Is dócha gurb é atá á dhéanamh ag an Uúdarás nó go dteastaíonn uathu gobán a chur i láithreoirí, agus in iriseoirí áirithe a chaitheann a ndúthracht, chuile dheis dá bhfaigheann siad, seal eile a chaitheamh ag marcaíocht ar a rogha chapall maide fhéin, cuma sa tsioc faoin lucht éisteachta, nó féachana. Níl ar siúl acu sa chás sin ach ag fáil bolscaireacht, nó fógraíocht, saor in aisce, lena ndearcadh pearsanta a chur chun cinn. Anois, dá mba pholaiteoir mise, ní mó ná sásta a bheinn, dá mbeadh cead ag láithreoir, den dara grád, ceap magaidh a dhéanamh díomsa os comhair an phobail, lá i ndiaidh lae, ina chlár, go háirithe nuair a chuireann tú san áireamh, gur duine tofa a bheadh ionamsa, sa chás sin, agus go mba dhuine an láithreoir nár ghnóthaigh vóta ó chathróir ar bith riamh.

Taobh eile ar an scéal

Agus sin uilig ráite agam, caithfidh mé a admháil, go bhfuil taobh eile ar an scéal freisin, agus dá mbeadh blianta fada caite agamsa ag foghlaim mo cheirde mar láithreoir, nó mar iriseoir, ar na meain, agus dá mbeadh saineolas agam ar chúrsaí polaitíochta, ach go háirithe, cheapfainn gur chóir go mbeadh cead agus ceart agam mo leagan fhéin ar chúrsaí poiblí a fhí isteach im chláracha, le cibe saineolas agus scileanna a bhí bailithe chugam agam, thar na blianta fada, a roinnt ar an bpobal éisteachta nó féachana. Ach, nuair a scrúdaíonn tú an scéal ó bhonn, déarfainn go n-aontófá go bhfuil gá le rialacha dá leithéid seo, más uainn críoch a chur le béalscaoilteacht agus le bolscaireacht gan chuireadh gan iarraidh, feasta. Leor sin don bhabhta seo.