I mBéal an Phobail

SHELTER céadchló 2011

SHELTER céadchló 2011

by Harlan Coben. £12.99 (sa UK amháin)

Mhínigh mé dhaoibh, tamall ó shoin, go raibh mé an-tugtha, na laethe seo, do thabhairt faoi shaothar údar nua a léamh, nó tuigeadh dom, ar deireadh thiar, to raibh fiúntas inspéise le fáil i roinnt mhaith acu, mar sin, ní haon ionadh gur thug mé faoin leabhar seo le Harlan Coben, údar nach raibh cur amach agamsa air, go dtí le déanaí. Tá cónaí ar an údar seo i Newark, New Jersey Mheiriceá, é pósta agus ceathrar clainne air, agus ní raibh sé ach sé bliana is fiche nuair a foilsíodh a chéad leabhar. Fuair mé amach ansin, go raibh an t-údar seo ar cheann de choirscríbhneoirí móra an lae inniu, agus a chruthú sin, go dtuigtear go bhfuil sé ar cheann de na coirscríbhneoirí mór-ráchairte is cáiliúla, atá ag cleachtadh a cheirde, sa lá atá inniu ann. Ní call dom a rá, go bhfuil roinnt mhaith duaiseanna gnóite aige, cheana féin, agus tá fáil ar a shaothar i gcupla scór teanga, agus deirtear go bhfuil thart ar leathchéad milliún cóip dá leabhair i gcló sa saol mór. Ní beag ná suarach an cháil é sin, a bheith saothraithe ag údar ar bith, agus gan é ach thart ar chaoga bliain d’aois fós. Ba chóir a lua anseo, gurb é seo an chéad leabhar, i sraith nua leabhar, a scríobh sé go speisialta do dhaoine óga. Chonaic muid, tamall ó shoin, gur dhein John Grisham an cleas céanna, nuair a scríobh sé, Theodore Boone, mar chéad leabhar ina shraith nua do dhéagóirí freisin. Sna leabhair seo úsáideann na húdair cáiliúla seo daoine óga mar phríomhcharachtair, agus an corrdhuine fásta caite isteach acu, le léitheoirí fásta a mhealladh len iad a léamh freisin, agus caithfidh mé a admháil, go n-éiríonn go geal leo sa chuspóir sin, nó, tríd is tríd, is leabhair shuimiúla, lán teannais, tarraingteacha, iad, a chuireann an léitheoir faoi gheasa fanacht ina mbun go dtí go mbíonn an leathanach deiridh léite aige. Agus nach é sin cuspóir scríbhneoir coirleabhar ar bith?

Ach, ag caint faoin scéal seo, ‘SHELTER’, le Harlan Coben, is é Mickey Bolitar an príomhcharactar, fear óg a bhfuil anchuid taistil déanta aige lena thuistí, agus é thar barr mar chispheileadóir. Fuair a athair bás i dtimpiste bóthair, agus bhí a mháthair tugtha do dhrugaí, agus í sáinnithe i dteach leighis, ag an am airithe seo. Nach gceapfá go mbainfeadh sin an ghaoth as seolta dhuine ar bith? Ach chuaigh Mickey chun cónaithe lena uncail, Myron, Fear atá ina phríomhcharachtar i gcoirscéalta eile leis an údar cáiliúil seo, agus cuireadh Mickey ag freastal ar scoil nua, áit ar chas sé le, Ashley, chailín spéiriúil, spéisiúil, tarrraingteach, agus cheapfá go mbeadh leis, feasta, ach ní mar a shíltear a bhítear, go minic, agus níorbh eisceacht ar bith é Mickey Bolitar sa chás seo. Ní raibh sé i bhfad sa scoil sin go bhfuair sé amach go raibh bulaithe ansin agus iad réidh, ullamh, le piocadh air. Chomh maith le sin, de phlimp, d’imigh Ashley as radharc, agus ní raibh fáil uirthi áit ar bith. Cá raibh sí imithe? Ar fudaíodh í? nó arbh amhlaidh a d’imigh sí dá deoin fhéin? Ní raibh Mickey sásta, cibé ar bith é, cur suas leis an imeacht obann seo, agus shocraigh sé ar dhul ar a tóir. Shocraigh beirt dá chomhscoláirí dul i gcabhair air sa bhfiontar neamhghnách seo, gasúr agus girseach, Spoon a bhaist sé ar an ngasúr agus Ema a bhí ar an ngirseach. Ní call a rá, go raibh a uncail, Myron, ansin freisin, le glaoch air, dá dtiocfadh crua air. Ba ghearr go bhfuair Mickey amach nár chathair mar a tuairisc iad a lán de na daoine a bhí thart air. Tríd an scéal seo uilig, léiríodh ceangal idir tarlúinití áirithe sa scéal seo agus géarleanúint na nGiúdach, le linn an Dara Chogadh Domhanda, agus faigheann an léitheoir amach freisin, go raibh scéal ar dóigh taobh thiar de dhuine de na charachtair rúnda, a ritheann tríd an scéal, ó thús deireadh. Sí an Bat Lady, atá idir chamáin agam anseo, nó Lizzy Sobek, lena hainm cheart a thabhairt uirthi, duine díobh siúd a tháinig slán ó ghéarleanúint na nGiúdach sna Campaí Géibhinn, agus a mhair le díoltas eicínt a bhaint amach, ar deireadh thiar. Faigheann an léitheoir amach freisin faoi theach drochcháile, ina gcoimeádann an coirpeach, Buddy Ray, agus a chuid bullaithe, cailíní óga i ngéibhinn, gan fuascailt i ndán dóibh go deireadh an scéil.

Má tá locht le fáil agam ar an scéal seo, is é go bhfuil an iomarca charactar drochcháile curtha os ár gcomhair ann, ach, tríd is tríd, is scéal spéisiúil, tarraingtheach, lán-teannais é, agus caithfidh mé a admháil, gur bhain mé fhéin toit agus taitneamh as, agus fuair mé amach go luath, go raibh sé deacair é a leagan ar leataobh, go dtí go raibh an leathanach deiridh léite agam.