The Irish Column

Anois, agus cruas Laethe na Bó Riabhaí ag cur ghoimh fuachta in aer thús an Aibreáin, filleann mo smaointe, uair amháin eile, ar Lá ‘le Pádraig, agus tugaim chun cuimhne, go ndúirt Pádraig go dtabharfadh sé chuile lá go breá dhúinn, i ndiaidh a Fhéile fhéin, agus leath an lae sin freisin. Nach annamh a tharlaíonn a leithéid? nó de ghnáth, bíonn Lá ‘le Pádraig fuar, feanntach, crua. An tráth seo chuile bhliain, geall leis, téann mo smaointe fhéin ar oilithreacht siar, agus filleann arís ar na fírinní, agus ar na prionsabail, a chuir Pádraig i gcré mhéith an chine s’againne. Smaoiním ar Lúireach Phádraig, an phaidir a deireadh sé le Lúireach Dé a fháisceadh timpeall air, chuile mhaidin, lena chosaint ar chumhacht an oilc, i rith an lae sin. Tosaíonn an saol chuile mhaidin, as an nua, don Chríostaí, do chuile dhuine, d’fhéadfá a rá, ach ar bhealach speisialta don Chríostaí. Bíonn air breathnú arís ar fhírinní agus ar phrionsabail a chreidimh, agus cé go ndeirtear, gur féidir linn saibhreas a chur i dtaisce dúinn fhéin sna Flaithis thall, tá me ag ceapadh, nach mar sin a tharlaíonn ar an saol seo, nó na fíricí agus na prionsabail ar ghlacamar leo, gan stró, inné, ní féidir glacadh leis, go mbeidh siad díreach chomh hinghlactha, chomh héifeachtach, nó chomh hinchreidte, inniu. Agus fiú, nach bhfuil taobh eile ar an scéal sin freisin, mar, bíodh go raibh an oiread sin creidimh aige, le linn a óige is a chuirfeadh an cnoc thall ar an gcnoc abhus, cailleann scian sin a chreidimh a fhaobhar nuair a mhaolaítear faoi ualach trom na mblianta í. Fiú amháin, nár dhúirt Pól fhéin linn, go raibh sé fhéin ag troid leis, trí chúrsa a shaoil, ach nach raibh an bua deiridh gnóite aige fós, ach go raibh sé ag treabhadh leis, agus é ag súil go mbéarfadh sé bua, ar deireadh thiar.

Ní haon dóichín é!

Ní haon dóichín é, saol Críostaí a chaitheamh, agus fanacht dílis dá rialacha, lá i ndiaidh lae, seachtain i ndiaidh seachtaine, agus bliain i ndiaidh bliana, ach sin é dualgas an chreidimh. Breathnaigh ar chroí an Aifrinn, agus tuigfidh tú cad chuige a bhfuilim nó tagann an dá shaol, an saol thall is an saol abhus, an-chóngarach dá chéile ag an tráth cinniúnach sin, sa chaoi nach bhfuil eatarthu ach an scáth, nó an scáil, is caoile dá bhfuil, ach ag an am gcéanna, scáth a fholaíonn A láithreacht orainn.

Nach ag Pádraig Naofa fhéin a bhí an creideamh daingean. Chreid seisean go raibh Dia leis chuile orlach den bhealach, ó éirí dhó ar maidin, go ham luí san oíche. Agus ó tharla gur chreid sé sin go diongbháilte, ní raibh faitíos, nó eagla, air roimh chumhacht an oilc. Ní dhéanfadh gaiste an fhiagaí, nó líon an fhoghlaera, dochar nó damáiste dó. Thiocfadh sé saor ó shaigheada an diabhail fhéin, nó bhí Dia leis, agus é timpeallaithe lena lúireach ilchosantach. Seo thíos iarracht a rinne mé fhéin ar Phaidir Phádraig a shníomh isteach i ndán beag

LÚIREACH PHÁDRAIG

Neart Dé do mo chosaint gach lá,

Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth,

Críost i mo thimpeall de shíor,

Mac Dé i gceartlár mo chroí.

Romham do mo threorú,

‘Mo dhiaidh do mo sheoladh,

Do mo ghráú, do mo shlánú gan chríoch.

Bí fúm do mo chosaint gach tráth,

Os mo chionn, do mo threorú, led’ ghrá.

Bí liom nuair a luífidh mé síos,

Bí im’ aice ar mo leaba san oích’.

Ar mo dheis do mo threorú,

Ar mo chlé do mo sheoladh,

A Chríost ghil, ná diúltaigh mo ghuí.

Bí liom nuair a shuífidh mé fúm,

Nuair a sheasfaidh, bí taobh liom, a rún,

Bí i mbéal an té a labhrann lem’ chroí,

Bí i súil an té a chasann im’ líon.

Romham do mo threorú,

‘Mo dhiaidh do mo sheoladh,

Bí i gcluais an té a éisteann lem’ mhian.

Neart Dé do mo chosaint gach lá,

Lena Bhriathar, mar Lúireach, mar scáth.

Críost le mo thaoibhse go buan,

Do mo chosaint, ó dhúiseacht go suan.

Romham do mo threorú,

‘Mo dhiaidh do mo sheoladh,

Do mo shlánú Lá léanmhar an Luain.