Í mBéal An Phobail

Anseo!

Peadar agus Micheál Bairead

Reporter:

Peadar agus Micheál Bairead

Email:

news@kilkennypeople.ie

Anseo!

Anseo!

Nuair a chonaic mé a teideal ‘Anseo’, ní fhéadfainn gan an leabhar seo a léamh, cé go raibh sé as Béarla! Phrioc sé mo spéis, mar téann sé i ngleic leis an mbuncheist cad is Éireannachas ann. Tá an t-údar fíorcháilithe chun solas a chaitheamh ar an ábhar sin, mar is Gaeilgeoir agus Éireannach í go smior, chomh maith le duine neamhgheal.

Uchtaíodh Úna-Minh Caomhánach sa bhliain 1991 i Vítneam cúpla lá tar éis teacht ar an saol. Ní raibh a máthair fola in ann aire a thabhairt di, mar bhí sí an-bhocht. Éireannach is í Noreen Caomhánach a bhí ina cónaí i gCeanada ag an am, a bhí ag iarraidh páiste a uchtú. Chuaigh sí go Vítneam agus mar a tharla thug sí cuairt ar ospidéal i Hanoi. Is ansin a chonaic sí Una-Minh, agus bhí a fhios aici díreach gurb í a hiníon nua í. Tar éis próiseas deacair agus fada, le cabhair óna teangaire Nguyet, críochnaigh siad an páipéarachas. Nuair a bhain siad amach a gceann scríbe faoi dheireadh – Trá Lí, Contae Chiarraí, chuir athair Noreen, Pádraig, fáilte mhór roimh an bheirt acu. Rugadh Úna-Minh sa chlann bheag seo, agus bhí Paddy tiomanta go huile agus go hiomlán dona ról mar dhaideo.


Cainteoir dúchais ba ea an t-iargharda agus an scéalaí cáiliúil seo, a bhí grá aige don teanga. Labhair sé as Gaeilge le Úna-Minh de ghnáth. Nuair a bhíodh sé ag siúl sa bhaile le Úna, is go minic a d’iarrtar air ‘Does she speak English?’ Ba é a fhreagra ná ‘Ní hamháin Béarla, ach Gaelainn, ambaiste!’


Bhí Gaeilge iontach ag Noreen freisin, agus croí-ábhar ba ea í sa chéim a bhain sí amach ó UCD. Múinteoir bunscoile is ea í, agus Gaeilge an t-ábhar is fearr léi. Ní haon iontas é gur fhreastal Úna-Minh ar Ghaelscoil, agus bhí sí an-sásta ann agus níor mhothaigh sí aon difríocht idir í féin agus na daltaí eile. Cé nach raibh athair aici, ní raibh aon fhadhb ann, mar bhí a daideo mar ionadaí athar di.


Tar éis bás a daideo, bhí Úna-Minh cinnte gur theastaigh uaithi slí bheatha le Gaeilge mar a príomhtheanga. Tar éis na hArdteistiméireachta, d’fhreastal sí ar ollscoil DCU, agus bhain sí amach céim sa Ghaeilge agus Iriseoireacht. Tháinig sí ar na meáin sóisialta san ollscoil agus go háirithe ar Youtube agus Twitter, agus thosaigh sí ag déanamh físeáin agus ag tvuiteáil go flúirseach. Ba mhaith le Úna-Minh físchluichí freisin, Pokémon agus Final Fantasy san áireamh. Tar éis a céim a bhaint amach, d’oibrigh sí mar fhostaí i gcúpla comhlacht, ach níor thaitin obair mar sin léi. Thosaigh sí ag obair léi féin sna meáin sóisialta, agus i 2017, thosaigh sí ag déanamh sruthú beo ar Twitch, ag imirt agus ag tráchtaireacht ar fhíschluichí. Is as glúin a tógadh le cluichí ríomhaireachta í, agus bhí sí in ann cairdeas a dhéanamh le daoine óga eile. Ar dtús, bhí sí ag tráchtaireacht as Béarla, ach ansin thosaigh sí ag déanamh sruthú beo as Gaeilge freisin. Mar a dúirt Úna-Minh: ‘Cuireann sé gliondar ar mo chroí nuair a chraolaim ar Twitch!’ Tá leaganacha as Gaeilge do chúpla físchluiche (PUBG, Minecraft) agus pleananna do roinnt eile freisin.


Tá caibidil sa leabhar leis an teideal ‘Where are you really from?’ agus taispeánann sé bolg aineolach an chiníochais in Éirinn. Nuair a freagraíonn Úna-Minh gurb as Contae Chiarraí di, ní glactar leis an fhreagra sin, agus tagann ceisteanna eile, cosúil le ‘Yeah, but where are you really from?’ Tá a lán scéalta faoin ábhar sin, agus ní bhainfidh mé an solas dá leabhar! Ach ghlac sí seasamh docht agus labhair sí suas faoi ar na meáin náisiúnta agus sóisialta. Chuir sí le heolas an phobail faoin gciníochas sa tslí sin. Thosaigh sí an haischlib #IsÉireannaighMuid ar Twitter agus d’oscail sé sin díospóireacht náisiúnta ar éagsúlacht agus ar an gceist cad is Éireannachas ann.


Tá caibidil ar na buntáistí ag baint le Gaeilge, agus ag déileáil leis na leithscéalta a bhíonn ag daoine faoin teanga. Thosaigh sí ag úsáid an haischlib #FrásaAnLae chun píosaí beaga Gaeilge a scaipeadh sa Twittersphere agus d’éirí léi go maith leis an iarracht sin. Tá caibidil eile ag déanamh plé ar staid na Gaeilge (Tír gan Teanga Tír gan Anam), agus déanann sí cás láidir gur teanga bheo bhríomhar í.


Leabhar tarraingteach is é ‘Anseo’ (New Island Books, treoirphraghas €12.95), a bhfuil ábhar machnamh ann agus scéalta iontacha a léiríonn cad is Éireannachas ann sa lá atá inniu ann.