Í mBéal An Phobail

Leabhar suimiúil, spreagúil, eile chugainn

Abhainn Osraí, Céadchló 2019, le Séamas Ó’Maoileáin

Peadar agus Micheál Bairead

Reporter:

Peadar agus Micheál Bairead

Email:

news@kilkennypeople.ie

Leabhar suimiúil, spreagúil, eile chugainn

Í mBéal An Phobail

B’fhéidir gur chuala tú go raibh mé tar éis tamall a chaitheamh in ospidéil agus i dteach altranais, agus dá bharr sin ba bheag am a bhí agam le leabhair a léamh nó tada dá leithéid, ach, tamall gearr ó shoin tharla gur sheol Séamas Ó’Maoileáin cóip dá leabhar nua chugam le go léifinn é.

De thimpiste a tharla sin, ach faoi mar a tharla, shroich an leabhar nua seo mé ag an am ceart, nó bhí fonn léite tagtha ar ais chugam ag an am, agus ba gheall le bronntanas ó Santa fhéin an leabhar sin ag an am. Ba ghearr go raibh mé sáite go dtí an dá chluais san Fheoir.

Ní hí an abhainn atá i gceist agam anseo, dar ndóigh, ach an leabhar nua seo. Ní call dom a rá go ndeachaigh ábhar an leabhair go smior na gcnámh i bhfeidhm orm, agus ba ghearr go raibh mé ag iompú na leathanach spéisiúil go cíocrach, fiosrach, nó theastaigh uaim tuilleadh agus tuilleadh a fhoghlaim faoi thír seo mo dhídine agus bhí sin le fáil go flúirseach ins ‘An Fheoir’.

Ní call a rá nár ró-fhada go raibh an slogtha léite agam, ach dár ndóigh i gcás dá leithéid bíonn gá leis an dara léamh, ach nach bhfuilim ag dul ró-thapaidh ar fad! Caithfidh mé laincis a chur ar an gcleite anseo le deis a thabhairt dom m’anáil a tharraingt agus sos beag a thabhairt don gcleite bocht seo. Mar sin éist le gíosc na gcoscán, le críoch a chur leis an gcaibidil seo.

Nach iontach go deo na hainmneacha a baisteadh ar an abhainn seo ‘gainne, ag tosú leis an ainm eoir a baisteadh uirthi i dtosach, ainm a chiallaíonn sruthán, agus oireann an t-ainm sin don Fheoir i dtús a laethe. Níl an oiread sin den abhainn inti go gceanglaíonn sí leis an Eircne cóngarach do Dharmha i gContae Laoise, agus féach mar adeir Ó’Ciobháin...

”Ní casta cúrsaí abhann Éireann ná a gcuid ainmneacha. Agus deir an t-údar linn go ndúirt fear eile go raibh na hainmneacha an-sheanda, ach deir an t-údar arís, deir sé ...”Níor mhínigh Ollamh ar bith fós dúinn cad is bun leo.”

Ar an drochuair ní raibh Peadar in ann an t-alt seo a chríochnú. Ach tá sé dochreidte go raibh sé ag léamh agus ag scríobh suas ar fad go dtí deireadh a shaoil.

Nach raibh Gaeilge iontach aige, agus léiriú ealaíonta speisialta agus pearsanta aige! Braithimid uainn go mór é. Nár thug sé bronntanais iontacha dúinn go léir leis a phrós cumasach agus a fhilíocht draíochtúil!

Athair den scoth ba é Peadar domsa, agus le déanaí, chomhbhádóir agus muid ag scríobh na Gaeilge le chéile, go háirithe ag scríobh na n-alt seo. Le himeacht aimsire, bhí orm níos mó obair a dhéanamh agus le linn an ama sin bhí Peadar mar mhúinteoir agus eagarthóir dom.

D’fhoghlaim mé a lán rúin na ceirde uaidh, agus anois beidh mé ag eitilt i m’aonar mar údar an cholúin seachtainiúla seo. Tá súil agam go dtiocfaidh sibh go léir liom ar an turas agus leanfaimid go leis an traidisiún seo, in ainm m’athar, agus ar mhaithe na Gaeilge i gCill Chainnigh agus ar fud na tíre.

Tá mé cinnte go gcuirfeadh sé sin gliondar croí ar Pheadar!