“Pop Up Gaeltacht!”

Peadar agus Micheál Bairéad

Reporter:

Peadar agus Micheál Bairéad

“Pop Up Gaeltacht!”

Pop Up Gaeltacht

I bhfad ó Bhaile!

An chuid is mó den bliain, bím i mo chónaí i San Diego, i gCalifornia, sna Stáit Aontaithe.  Bím ar ais i gCill Chainnigh an cuid eile den bhliain.  Tá sé deacair go leor an Ghaeilge a labhairt in Éirinn, mar ní úsáidtear ár dteanga go minic lasmuigh de na Gaeltachtaí, agus fiú amháin ansin,  cloistear a lán Béarla.  Nach mór an trua é sin? ach tá dea-scéal ann freisin. Níl a fhios agam ar chuala tú riamh faoi na Gaeltachtaí“Pop Up”!. B’fhéidir nár chuala, mar tá na cruinnithe seo réasúnta nua.

Cúpla bliain ó shin, thosaigh beirt fhear - Peadar Ó Caomhánaigh and Osgur Ó Ciardha na himeachtaí cultúrtha seo.  Cén fáth?  Bhí siad mí-shásta leis na meáin, a bhí á rá nach raibh a leithéidí ann ar chor ar bith - daoine uirbeacha a úsáideann an Ghaeilge ar bhonn laethúil.  Bhain siad trial as imeachtaí Gaeilge a chur ar siúl ag úsáid an idirlíon.  Ar dtús, roghnaigh siad beáir i mBaile Átha Cliath féin mar shuíomh dá n-imeachtaí. Bhí a sáith iontais orthu nuair a d’éirígh thar barr leo, mar tháinig  alán daoine chun Gaeilge a labhairt le chéile agus chun an craic a bheith acu.  “Pop Up Gaeltachtaí” an t-ainm a chuir siad ar na cruinnithe seo, agus d’fhás siad ní h-amháin in Éirinn, ach ar fud an domhain freisin.

Gaeilge anseo?

Céard a cheapfá má dúirt mé leat go raibh mo bhean chéile agus mé féin ag labhairt Gaeilge le grúpa daoine i dteach tábhairne anseo i San Diego, California, an tseachtain seo caite?  Nach gceapfá go bhfuil mé as mo mheabhair?  Nó go bhfuil samhlaíocht iontach agam? Ach tá sé fíor! Bhí Gaeltacht Pop Up ar siúl i San Diego an Satharn seo caite – agus bhí sé ar fheabhas!  Fear óg darb ainm Jeffrey a chuir an ócáid seo le chéile. Chaith sé an samhradh seo caite in Éirinn, agus rinne sé ag staidéar ar an nGaeilge ansin ar chúrsa Chonradh na Gaeilge.  Tá sé ag déanamh  staidéar ar an nGaeilge le breis agus bliain anois, agus tá sé in ann Gaeilge a labhairt go líofa! Is Calafóirneach an fear seo!

Cé gur rud iontach é sin, ní hé sin an rud is iontaí a tharla an oíche sin ag an nGaeltacht Pop Up.  Go deimhin, bhuaileamar le hÉireannaigh agus iad ina gcónaí i Meiriceá le blianta agus ar mhaith leo an craic a bheith acu as Gaeilge.  Ach bhuaileamar freisin le daoine as California nach raibh in Éirinn riamh – ach dá gcloisfeadh sibh iad ag caint go líofa as Gaeilge, cheapfá gurbh Éireannaigh iad, tá blas Gaeilge chomh maith ag an mbeirt acu.  Fear agus a bhean chéile atá i gceist.  Padraicín an t-ainm atá ar an bhean. Bhí a hathair as Éirinn agus bhí Gaeilge líofa aige. Nuair a bhí sé beo do mhúin sé Gaeilge san ionad Gaelach darb ainm “House of Ireland” i San Diego.  Ach níor thosaigh Pádraicín féin ag foghlaim Gaeilge go dtí go raibh sí fásta. Ach seo é an rud is iontaí: nuair a phós Padraícín fear Seapánach-Meiriceánach, mhúin sí Gaeilge dó – Brian is ainm don bhfear atá i gceist agam anseo. Tar éis tamaill, nuair a bhí Brian in ann an Ghaeilge a labhairt maith go leor,  thosaigh an beirt acu ag labhairt Gaeilge agus ag maireachtáil as Gaeilge gach lá sa bhaile.  D’éist siad le Radio na Gaeltachta le chéile agus bhraith siad ar TG4, ar chláracha éagsúla, cosúil le Ros na Rún. Bhí an-ghrá acu donn teanga agus do chultúr na hÉireann, agus caithfidh mé a rá, go bhfuil Gaeilge álainn ag an mbeirt acu anois.  I mo thuairim, taispeánann sé sin gan dabht go bhfuil an Ghaeilge beo fós agus in úsáid in áiteanna éagsúla ar fud an domhain ag daoine éagsúla, fiú amháin uaireanta daoine nach bhfuil deoir fola Gaelaí ag rith trína gcuisleanna!

Laethanta saoire in Éirinn?

Tar éis tamall ag déanamh comhrá, chuir mé ceist ar Phádraicín agus Brian ar mhaith leo riamh, dul go hÉirinn, ar a laethanta saoire.  Thosaigh Brian ag gáire láithreach bonn.  Ní raibh a fhios agam cén fáth!

“Ag magadh atá tú – an ea?  Seo an rud – dá rachaimís go hÉirinn, ní fhillfiimís!  Sin cinnte!” a dúirt Brian, agus é ag gáire.  Chlaon Pádraicín a ceann, í ag aontú leis.

Thuig mé díreach cad a bhí á rá aige.  Is áit an-spéisiúil Éire.  Tá cultúr forásach, nua-aimseartha agus liobrálach ann ach, ag an am céanna tá sean-chultúr fíorluachmhar ann, lena teanga, ceol agus scéalta féin!

A chairde, nach bhfuil sé íorónta go dtógann sé strainséir, uaireanta, le h-aird a tharraingt ar cé chomh hiontach is atá an t-oileán seo, a daoine agus a cultúr !