Cuid a hAon

Scéal na Gaeilge i gColáiste Mhaigh Nuad

Peadar agus Micheál Bairéad

Reporter:

Peadar agus Micheál Bairéad

Scéal na Gaeilge i gColáiste Mhaigh Nuad

Nach fada an lá sinn ag fanacht le scéal na Gaeilge i gColáiste  Mhá Nuat a fháil ó fhoinse údarásach. Bhuel! tá sé sin leagtha os ár gcomhair anois ag an údar sciliúil, oilte, seo, Seán Ó hÉanacháin, agus ní gá dhom a rá, gur leabhar de’n chéadscoth é, ach ag an am gcéanna nár chóir a rá,  más maith fhéin é, nach mithid?

Tabhair faoi deara, áfach, nach é staid na Gaeilge sa tír seo atá idir chamáin ag an údar anseo, nó ní trácht é ar iarrachtaí na cléire leis an teanga a athheochan atá i gceist aige, ach oiread, nó ní dhírítrear aire ar na Maynooth Dandies, sagairt a hoileadh i Maigh Nuad, ach nach raibh ró-líofa sa Ghaelige, ach go minic ní bheadh gá acu le Gaeilge, ach amháin nuair a sheoltaí go paráiste Gaeltachta iad. Ach dírionn an t-údar tóirse a thaighde ar mhúineadh, ar fhorbairt, agus ar saothrú na Gaeilge san Ollscoil sin. Breathnaigh arís ar theideal an leabhair, An Ghaeilge i Maigh Nuad. Ach nach bhfuil sé in am agam labhairt faoin leabhar céanna sin?  

Cúis a bhunaithe

Bunaíodh Coláiste Phádraig, Maigh Nuad, sa bhliain 1795 le sagairt a chur ar fáil do Chaitlicigh na tíre seo. Roimhe sin, dhéantaí sagairt a thraenáil dóibh i gColáistí éagsúla ar an mór-roinn, ach go háirithe sa Róimh, i bPáras, sa Lobháin agus i Salamanca, ach ó tharla go raibh gluaiseachtaí réabhlóideacha ag teacht chun tosaigh ar an mór-roinn, de bharr Réabhlóid na Fraince, tuigeadh do na húdaráis, go mbeadh sé níos sábháilte, dá ndéanfaí an gnó sin feasta anseo in Éirinn, agus ó tharla go raibh lámh ag Rialtas Shasana sa ghnó sin, ní bheifeá ag súil go mbeadh slánú na Gaeilge mar phríomh aidhm acu sa bhfiontar seo! Dá ainneoin sin, áfach, bunaíodh cathaoir Ghaeilge i Maigh Nuad ón tús.

Toradh a thaighde

Ansin, leagann an t-údar toradh a thaighde os ár gcomhair, agus déanann sé tagairt do na daoine áirithe a chaith seal sa chathaoir sin. Ina measc siúd bhí Pól Ó Briain, a chuir ‘A Practical Grammar of the Irish Language’ ar fáil, mar áis dóibh siúd ar shuim leo an teanga sin, ach níor lasadh tinte cnámh lena fhoilsiú sin a cheiliúradh, dár leis na saineolaithe.

Ní théitear thar fóir, ach oiread, ag moladh díograis Shéamais Uí Mhaoltuile, fear a chaith tarraingt ar leathchéad bliain ina Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad, ón mbliain 1826 i leith. Tugann Gearóid Ó Tuathaigh “maoirseacht thruamhéileach” ar a ré siúd sa chathaoir sin. “ Feictear an dímheas a bhí ar an nGaeilge sa choláiste i gcuntas Pheadair Uí Laoghaire. Roghnaíodh eisean mar scoláire díograiseach agus bronnadh duais air. Lá an bhronnta áfach, bhí air óráid a thabhairt os comhair na n-easpag agus na mac léinn a bhí sa halla. Thug sé an-léacht uaidh. Nuair a bhí críochnaithe aige áfach, labhair an tEaspag Seán Mac Éil agus dúirt...“Rinne tú an méid sin go maith a bhuachaill....mhol tú léann na Róimhe. Mhol tú leann na Fraince agus léann na Spáinne, ansin mhol tú go hard léann Shasana. Agus féach, oiread agus aon fhocal amháin as do bhéal ní dúirt tú i dtaobh Léann na hÉireann.”  Bhí sé soiléir nach raibh aon ró-mheas ar litríocht ár dTeanga fhéin le tabhairt faoi deara in óráid Uí Laoghaire, ag an am sin.