Cuid a Dó

Scéal na Gaeilge i gColáiste Mhá Nuad

Peadar agus Micheál Bairéad

Reporter:

Peadar agus Micheál Bairéad

Scéal na Gaeilge i gColáiste Mhá Nuad

Bhíomar ag rá, an tseachtain seo caite, gur bunaíodh Cathaoir Ghaeilge i gColáiste Mhaigh Nuad, ó bunaíodh é, sa bhliain 1795,  ach bíodh go raibh sin amhlaidh, is cosúil nár éirigh leis na hOllúna a ceapadh don phost sin díograis don teanga a adhaint i gcroíthe a ndaltaí, agus chonaic muid mar a tharla don Athair Peadar Ó Laoghaire fhéin, tar éis dó léacht scolártha a thabhairt uaidh, ag bronnadh duaiseanna sa Choláiste, agus faoi mar a labhair an tEaspag Seán Mac Éil, agus é ag cur i dtuiscint dó go raibh dearmad glan déanta aige ar Léann na hÉireann, Léann a thíre fhéin. Ach bhí athrú meoin á fhadú i gcroíthe Gael, agus níor tháinig Maigh Nuad fhéin saor ón athrú meoin céanna sin, mar a léirítear i gCuid a Dó den léirmheas seo. Mar sin seo chugaibh é.........

An Taoide ag Tuile

Ar ball, áfach, tháinig sagairt eile chun tosaigh i Maigh Nuad, a léirigh a ndíograis i leith na teanga, agus a ghríosaigh dúil sa teanga i measc sagart agus cosmhuintir a gcomhaimsire. Is iad na daoine atá i gceist agam anseo nó, daoine ar nós Eoghan Ó Gramhnaigh, a ceapadh ina Ollamh le Gaeilge sa bhliain 1891.   Féach mar a deir Tomás Ó Fiaich faoin gceapachán céanna sin, “Ba lá cinniúnach e an la sin i stair Cholaiste Mhaigh Nuad, agus i stair na tíre seo freisin...” Sagart óg ó Fhairche na Mí a bhí ann, ach thuig sé ón tús nach diorma mac léinn, ach náisiún iomlán, a bhi le teagasc aige’, Cuireann an t-údar síos ansin ar shaothar an tsagairt dhíograisigh sin, agus cosúil lena lán rudaí eile, ba é a locht a laghad, nó de thoradh a dhroch-shláinte, b’éigean dó éirí as a Ollúnacht  sa bhliain 1896.

Saothrú na Gaeilge sa Choláiste

Fear eile ar ar dhírigh an t-údar tóirse a thaighde ab ea an tAthair Micheál Ó hIcí, a ceapadh ina Ollamh le Gaeilge i gcomharbacht ar an nGramhnach, “Fear nach raibh drogall air dul i ngleic le conspóid ina dhearcadh i leith na n-Easpag, mar gheall ar an nGaeilge éigeantach san Ollscoil nua”. Ba é toradh a bhí ar an dearcadh sin, nó gur birseadh as a phost é, mar chreid an Dr. Ó Mainchín nach raibh an dara rogha aigesean, ag an am, ar mhaithe le smacht na nÚdarás a chothú sa Choláiste. “Mhol Ó hIcí na forbairti a tharla sna Stáit Aontaithe, go mór mhór bunú Chathaoir na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Washington, is bunú na gCathaoireacha in Harvard agus Yale”, le comparáid a dhéanamh idir staid na teanga abhus, agus thall.  Féach mar a deir sé i dtaobh na sagart caitliceach...”What have the priests of Ireland been doing? They alone could inaugurate a powerful and widespread movement for the recongnition of our national language.” Níl, sa mhéid sin ach an tús, nó téann an t-údar ar aghaidh ón bpointe sin le scéal na sagart, agus na scoláirí, a tháinig chun tosaigh i Maigh Nuad uaidh sin anuas go dtí ré fhathach sin na Gaeilge, Pádraig Ó Fiannachta fhéin, fear a chaith a dhúthracht i mbun an tSoiscéil, i dtosach, ach ag an am gcéanna, nár staon óna lán-dhícheall a dhéanamh ar son na Gaeilge freisin. Dhealródh sé , go bhfuil an oiread sin taighde déanta ag an údar, ar léann agus scoláireacht, ar shaothar agus ar shaol, an Fhiannachtaigh, go bhfuil sé soiléir go mbeadh leabhar iomlán ag teastáil le toradh a thaighde faoi, a chur i mbéal an phobail, Ach sin scéal eile do lá eicínt eile.

Ní call dom a rá, gur dhírigh an t-údar gob a phinn ar dhaoine eile freisin, daoine a chuir le cáil Mhaigh Nuad, lena ndíograis, lena scoláireacht, lena dtaighde, agus lena dtreabhadh i ngort guaireach na Gaeilge, daoine ar nós Ghearóid Ó Nualáin, Pádraig de Brún, Donnchadh Ó Floinn, Breandán Ó Doibhlin, Tomás Ó Fiaich, agus tuilleadh, fite as an abhras díograiseach céanna sin, ach fágfaidh mé fút fhéin é lántaitneamh a bhaint as a bhfuil le rá fúthu sa leabhar spreagúil, sásúil seo. Ní chuile lá a chasfaidh leabhar dá leithéid id’ líon.