Í mBéal An Phobail

Síceolaíocht agus an Choróinvíreas!

Micheál Bairead

Reporter:

Micheál Bairead

Email:

mickgb@gmail.com

Kilkenny People

Í mBéal An Phobail

Níl aon easpa nuachta le déanaí! Ach ní féidir a shéanadh go bhfuil an choróinvíreas ar bharr an liosta, i mbeagnach gach tír ar domhan.

In Éirinn, tá timpeall 80 cás den víreas aimsithe agus é seo á scríobh. Tuairiscítear, áfach, go mbeidh na céadta cás eile ann istigh de choicís. Tá srianta ar chuairteoirí i bhfeidhm i sé ospidéal agus tá cuid den champas dúnta ag Coláiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, mar réamhchúrama agus mar iarracht bac a chur ar leathadh an víris. Dá rachadh an scéal in olcas bheadh dualgas ar an Rialtas gnóthaí agus scoileanna a ndúnadh, agus ócáidí poiblí a gcur ar ceal.

Níl aon dabht ach go mbeidh ábhar na víris mar bhun agus barr na nuachta agus beidh an dúrud nuachta ar fáil faoi go ceann tamaill. Mar sin, níl mé chun béim a chur ar an víreas féin san alt seo, ach ar an eagla a thagann in éineacht leis.
Nuair a léigh tú an t-alt thuas, ar tháinig beagán líonrith ort? Tháinig is dócha, agus ní rud neamhghnách é sin. Ach ar an drochuair, ní chuidíonn sé seo, beag ná mór. Téimid thar fóir agus nílimid in ann smaoineamh go réasúnta. Ach cén fáth a dtarlaíonn sé seo?

Rinneadh taighde síceolaíochta ceannródaíoch sna seachtóidí, le beirt eolaithe shóisialta, Amos Tversky agus Daniel Kahneman. Fuair siad amach go bhfuil lochtanna nádúrtha orainn nuair a dhéanaimid breithiúnais nó tuar – ‘claonadh cognaíoch’ a bhaist siad ar an bhfeiniméan seo, agus tá go leor saghsanna ann. Bronnadh Duais Nobel na heacnamaíochta sa bhliain 2002 ar Kahneman don obair a rinne an bheirt acu. Scríobh Kahneman leabhar iontach darb ainm ‘Thinking, Fast and Slow’, agus molaim go hard é. Gan dabht, foghlaimeoidh tú rudaí fút féin sa leabhar seo nach raibh ar eolas agat – geallaim duit é! Ar aon nós, cuirfidh mé béim anseo ar chúpla claonadh cognaíoch a bhfuil baint dhíreach acu le freagairt an phobail don víreas seo.

Claonadh 1: An rud atá níos éasca a shamhlú, ceaptar go bhfuil sé níos dóichí a tharlú.

An bhfaca tú an scannán ‘Jaws’ riamh? Cheapfá tar éis é a fheiceáil go mbeadh sé dainséarach dul isteach san fharraige! Ach níl ach seans beag bídeach go maródh siorc thú. Is mó seans go bhfaighfeá bás ó splanc thintrí! Ach bíonn faitíos gan bunús orainn go léir roimh shiorcanna!
Tá sé mar sin le víreas nua freisin – tá sé éasca ár dtinneas uafásach a shamhlú, agus cuireann sé sin scaoil ionainn.

Claonadh 2: Ní féidir brath ar iomas i gcónaí – déan na háirimh!

Cabhraíonn ár n-iomas linn breithiúnais a dhéanamh go tapa, ach déantar botúin minic go leor, go háirithe nuair a bhíonn an mhatamaitic i gceist. Seo ceist a bheartaigh Kahneman chun an laige sin a léiriú: Cosnaíonn slacán daorchluiche agus liathróid daorchluiche €1.10 le chéile. Cosnaíonn an slacán €1.00 níos mó ná an liathróid. Cén méid a chosnaíonn an liathróid?
Má fuair tú an freagra go tapa, seans mór nach bhfuil sé ceart, agus ba chóir duit do chuid freagra a sheiceáil, go háirithe an difríocht idir costas na liathróide agus costas an tslacáin!
Ag an am seo, níl seans mór go mbeifeá ionfhabhtaithe leis an víreas (1/75,000) agus fiú dá mbeadh, bheadh seans an-mhaith ( timpeall 85/100 (daoine aosta/tinn) - 97/100) agat téarnamh. Gan dabht, rachaidh na huimhreacha sin in olcas, ach mar sin féin beidh seans an-mhaith agat!

Claonadh 3: Seachain ‘Troid nó teitheadh’

Uair amháin, bhíomar ar ár bhfaichill ar bhagairtí a d'fhéadfadh a bheith ann, agus theithimis ar an chéad chomhartha contúirte. Cé go raibh an claonadh nádúrtha sin an-úsáideach uair amháin, sa lá atá inniu ann, cuireann sé an-imní orainn nuair nach gá é.

Ansin, ní féidir linn smaoineamh ar aon rud eile ach an víreas, agus tugann sé sin drocham dúinn go léir. Uaireanta bímid chomh buartha sin go ndéanaimid dearmad ar na rudaí is fearr dúinn a dhéanamh chun na rioscaí víris a laghdú.

Seo na cinn is tábhachtaí: Déan iarracht mhór guaim a choinnigh ort féin (tá súil agam go gcabhróidh an t-alt seo leis sin); nigh do lámha i gceart; ná leag do lámha ar d’aghaidh agus ná bí i dteagmháil le daoine eile go fisiciúil nuair nach gá é (mar shampla ag croitheadh lámh le daoine).