Column

Ceisteanna Móra na Fichidí - 2!

Michael Bairead

Reporter:

Michael Bairead

Ceisteanna Móra na Fichidí - 2!

Democracy

Bhíomar ag cur agus ag cúiteamh faoi cheisteanna móra na fichidí cheana féin sa chéad alt den tsraith seo, nuair a phléamar an Téamh Domhanda.
Inniu, is é an dúshlán a bheidh idir chamáin againn ná staid ár gcórais daonlathais sa Domhan Thiar. Ní haon áibhéil a rá go bhfuil daonlathas liobrálach ar fud an domhain faoi ionsaí treascrach anois díreach.
Daonlathas faoi bhagairt
“Níl sé ródhéanach!” arsa Jimmy Stewart. Bhí creathán ina ghuth agus cuma thraochta air agus é ag impí ar Chomhdháil na Stát Aontaithe tarrtháil a dhéanamh ar a gcóras daonlathais. Tharla sé sin sa scannán ‘Mr. Smith goes to Washington’, eisithe sa bhliain 1939.
Ar ámharaí an tsaoil, ní raibh sé ródhéanach an uair sin, agus tá súil agam nach bhfuil sé ródhéanach an t-am seo, ach an oiread. Ach ní bhraitheann sé go maith.
Gan dabht, tá neart cosúlachtaí idir na tríochaidí sa chéad seo caite, agus na fichidí anois. Sna tríochaidí, tháinig lagú ar go leor rialtais dhaonlathacha, agus ansin cuireadh rialtais fhorlámhacha ina n-áit le neart míleata, de ghnáth. Ón mbliain 2005 I leith, thosaigh rialtais fhorlámhacha ag teacht i gcumhacht in áit rialtais dhaonlathacha seanbhunaithe. An uair seo, ní raibh aon ghá le gabháil ceannais míleata, mar rinneadh an t-athrú ar an taobh istigh, de réir a chéile.
Tá meafar seanchaite ann nach bhfuil fíor, ach tá sé úsáideach mar sin féin. De réir an mheafair seo, má chuirtear frog in uisce bruite, léimfidh sé amach ar an toirt. Ar an lámh eile, má chuirtear é in uisce fuar agus ansin cuirtear an teas ar siúl, fanfaidh sé san uisce.
Ar an drochuair, is muidne (saoránaigh tíortha daonlathacha) an frog sa mheafar seo. Rialtas daonlathach is ea an t-uisce fuar, agus rialtas forlámhach is ea an t-uisce bruite. De réir a chéile, déantar athruithe go dtí ár gcóras daonlathach agus tar éis go leor athruithe, bíonn deachtóireacht ann. Broicimid gach athrú ar an mbealach sin, agus fán am atá a fhios againn go bhfuil muid bruite, tá sé ródhéanach, mar a dúirt Jimmy Stewart!
Idir deireadh an Dara Cogadh Domhanda agus timpeall 2005, bhí borradh ar na tíortha daonlathacha ar fud an domhain, agus sórt ré óir a bhí againn. Ach anois, tá roinnt mhaith tíortha ar an mbealach i dtreo údarásaíochas agus cúpla ceann ann cheana féin . Lig dom cúpla sampla a lua, chun an pointe a dhéanamh: Putin (an Rúis), Erdogan (an Tuirc), Orbán (an Ungáir), Kaczynski (an Pholainn), Duterte (na hOileáin Fhilipíneacha), Bolsonaro (an Bhrasaíl), Modi (an India), Netanyahu (Iosrael) agus Trump (na Stáit Aontaithe). Deir siad go léir go bhfuil daonlathach iontach acu, ach an cuimhin leat gurb é an rud céanna a bhí á rá ag Hitler agus Mussolini sna tríochaidí. Tá an leabhar beartaíochta céanna á úsáid ag gach duine thuasluaite, bíodh is nach bhfuil siad go léir ag an áit chéanna sa leabhar. Is é atá i gceist sa chur chuige ná na ráillí cosanta sa chóras polaitíochta a bhaint as a chéile, agus ansin na hinstitiúidí ba chóir dóibh freastal ar an bpobal a úsáid mar arm chun iad a chur faoi chois. Mar shampla, ní maith le haon duine thuasluaite preas saor a bheith ann, mar sin é guth an phobail, agus bheadh an pobal sin in ann an preas a úsáid chun easaontú leis. B’fhearr leis dá mbeadh an preas ag obair mar a ghuth féin, agus ar ndóigh sin a tharlaíonn luath sa scéal seo. Ansin, diaidh ar ndiaidh faigheann an ceannaire smacht ar an bparlaimint, na breithiúna agus na dlíthe. Féach ar Vladimir Putin – tá an leabhar beartaíochta críochnaithe aige, agus cé go maíonn sé gur daonlathas iontach atá sa Rúis, is deachtóireacht dhian é i ndáiríre!
Léas Dóchais?
Foilsíonn “The Economist” liosta gach bliain darb ainm “The Democracy Index”, ina n-áirítear 167 tír. Chuir siad an teideal “Global Democracy in Retreat” ar an liosta is déanaí (2019). Tá Éire sa séú háit – ceann de na tíortha is fearr, roimh an Ríocht Aontaithe (14), agus na Stáit Aontaithe (25). Tá daonlathas lochtach ag na Stáit Aontaithe, dar leo. Má theipeann ar an daonlathas go hiomlán sna Stáit Aontaithe, ceapaim gur droch-chomhartha é sin dúinn go léir. Mar sin, breathnaímis ar chóras rialtais na Stáit Aontaithe an tseachtain seo chugainn, agus déanfaimid iarracht an cheist “An bhfuil aon léas dóchais againn ár gcóras rialtais a shábháil?” a fhreagairt.