Kerry man, principal of all Irish secondary school in Kilkenny talks about his like in Kilkenny

Cathnia Ó Muircheartaigh, Príomhoide (Principal), Coláiste Pobail Osraí discusses Kilkenny

Sean Keane

Reporter:

Sean Keane

Email:

sean.keane@kilkennypeople.ie

Kerry man, principal of all Irish  secondary school in Kilkenny talks about his like in Kilkenny

Cathnia Ó Muircheartaigh, Príomhoide (Principal), Coláiste Pobail Osraí

What's your idea of a perfect day, or perfect weekend out in Kilkenny?

Níl aon rud níos deise dom ná siúl timpeall sráideanna Chill Chainnigh agus timpeall an chaisleáin.  Nó fiú tabhairt faoi shiúl faoin dtuath, go háirithe an tam seo den bhliain. Ina theannta sin táimid millte le bialainne iontacha anseo sa chathair agus amuigh faoin gcontae. Tapaím gach deis lón a bheith agam i dteach ósta Langton nó ceapaire i Cleere’s chomh maith le cúirt a thabhairt ar bhialainne iontacha ar nós Rinuccini’s nó Zuni’s.

Who has made the greatest contribution to Kilkenny in your lifetime - and why?

Seasann Cill Chainnigh amach domsa leis an gcaighdeán bialainne agus na ceardaíocht ar fad atá ar fáil anseo. Feictear domsa go dtagann seo ó bhunú Kilkenny Design na blianta beaga ó shin agus na daoine éagsúla a mheall sé  isteach sa chathair. Tá rian an láidir fágtha aige ar Chill Chainnigh. Ní féidir liom gan mo bhuíochas a ghabhail leis an grúpa tuismitheoirí agus cairde na Gaeilge anseo a tháinig le chéile chun Gaelscoil Osraí agus Coláiste Pobail Osraí a bhunú.   

What's your first Kilkenny memory?

Nuair a tháinig mé chuig Cill Chainnigh i 1995 mar mhúinteoir óg agus ag tabhairt faoi agallamh i sean fhoirgneamh na VEC ag an am ar bhóthar Cheannanais le comhrá le an CEO ag an am, Brendan Conway. Thugadar an post dom agus táim anseo ó shin. Is maith is cuimhin liom aithne a chur ar mhuintir cuid do mhuintir Chill Chainnigh i dteach ósta beag ar bhóthar Urmhumhan, Troy’s, áit ina mbíodh gach aois ghrúpa óg agus críona!   

What's your favourite part of the county - and why?

Tá contae álainn ar fad í Cill Chainnigh. Lán de chultúr agus d’oidhreacht. Cé gur breá liom na bailte tuaithe is breá liom an chathair féin. Cathair cairdiúil agus fáiltiúil a bhí agus atá inti. Cé go mbraithim uaim an fharraige agus Iarthar Dhuibhneach go mór, is i gCill Chainnigh atáim ar mo shuaimhneas.

What do you think gives Kilkenny it's unique identity?

Ag deireadh an lae, is iad an daoine a dhéanann an difríocht. Is Cathair oscailte spridiúil í, le daoine breátha agus bíonn a lán ar siúl ann. Gach seachtain bíonn féile éigin nó imeacht éigin gur féidir páirt a ghlacadh ann.  

Do you have a favourite local writer or author?

Ceann de na leabhair is mó ó Chill Chainnigh a bhain mé an taitneamh as le cúpla bliain beag anuas ná ‘Hidden Kilkenny – Knaves, Knights and Norman Abbots’ a scríobh John Keane. Thugann an leabhar an turas dúinn ar áiteanna timpeall contae Chill Chainnigh. D’oscail sé mo shúile ar cad tá ar leac an dorais againn anseo i gCill Chainnigh. Mholfainn é mar ábhar léitheoireachta d’aon duine ag a bhfuil aon suim acu in oidhreacht na tíre.

What's the biggest challenge facing the county today?

Cé gur bí an fhadhb tithíochta na fhadhb is mó atá romhainn sa tír agus ní cóir go mbeadh aon duine gan dídean. Tá cúpla rud dár liom, gur gá aghaidh a thabhairt ar anseo i gCill Chainnigh. Tá gá tabhairt faoi fostaíocht a chothú agus comhlachtaí a mhealladh isteach. Chuige sin tá gá le cúrsaí oideachais tríú leibhéal. Le cinntiú go bhfanann glúin óg Cill Chainnigh anseo. Tá gá tógaint ar an obair iontach atá á dhéanamh ag Bord Oideachais agus Oiliúna Cill Chainnigh agus Cheatharlach ar an oideachas faid-saoil a fhorbairt ach tá an bearna sin ann nach bhfuil coláiste nó ollscoil ag soláthar cúrsaí tríú leibhéil ar bhonn leanúnach agus gur gá do dhaoine taisteal go Port Láirge nó ar Cheatharlach ar a laghad. 

If you had the power to change on thing in, or about Kilkenny, what would it be?

An rud gur mhaith liom ná go mbeadh bóthar níos fearr ann idir Chaill Chainnigh agus Ciarraí! Bhreá liom go ndéanfaí forbairt cheart ar shuíomh Smithwicks ar mhaithe le muintir na h-áite. Ba mhaith liom go n-úsáidfí an abhainn mar chroí lár an fhorbairt sin. 

Tá gá le roinnt smaointeoireacht chruthaitheach chun seo a chur i gcríche agus a chinntiú go gcruthaítear ceantar bheo ann.