Dialann Scoláire

I mBeal and Pobail

Peadar agus  Micheál  Bairead

Reporter:

Peadar agus Micheál Bairead

Bhí mé ag siortú trí mo tharraiceáin le déanaí agus rún agam slacht a chur orthu. Bhí mé istigh ina gceartlár nuair a tharraing rud éigin m’aird. Leabhar nótaí stróicthe a bhí ann, agus bhí m’ainm lámhscríofa go bródúil ar an gclúdach. Thuig mé láithreach go mba leabhar an-sean a bhí ann, agus bhí sé sin deimhnithe nuair a d’oscail mé é.
Bhí dáta scríofa ag barr gach leathanach, os cionn scríbhneoireacht pháistiúil. Dialann bheag as Gaeilge a bhí ann, dar m’fhocal, agus míorúilt a bhí ann gur tháinig sé slán chomh fada sin. Bhí mé ar bís le tosú ar é a léamh. Bhí sé an-suimiúil ar fad agus taisceadán todhchaí mo shaoil féin a bhí ann. Ó ré eile ar fad an diallann beag seo, agus b’fhéidir go mbeadh suim agat mion-sampla as a fheiceáil, mar tugann sé spléachadh daoibh ar shaol scoláire cónaithe i gColáiste Naomh Chiaráin i gCill Chainnigh ag tús na seachtóidí.
Seo iad an chéad chúpla iontráil dialainne, le cúpla ceartúchán beag. Cuirim cúpla nóta lena bhfuil ráite, freisin.
Eanáir 21
Tá mé sa staidéar anois, agus tá mé ag obair go dian. Tá buachaill mór ina shuí ar bhinse os comhair an ranga. Tá sé i bhfeighil an staidéir, agus má bhíonn aon duine ag cogarnach nó ag casadh timpeall le linn an staidéir, glaonn sé ar an mbuachaill sin agus iarann sé air dul suas go dtí oifig an Athar Ó’Conchubhair agus a insint dó go raibh sé dána. Ar an drochuair dom, bhí mé féin gafa ag cogarnach, agus bhí orm é sin a insint don Déan, an tAthair Ó’Conchubhair. Geallaimse duit go raibh pian i mo lámha agam agus mé ag teacht ar ais óna sheomra.
Nótaí:
Halla staidéir a bhí i gceist anseo. Bhí ar na scoláirí cónaithe a bheith ag staidéar sa halla seo ar feadh trí huaire gach lá sa tseachtain. Bhí briseadh againn i lár an lae chun an dinnéar a ithe. Bhí sé in am dul a chodladh díreach tar éis an staidéir.
Bhí scoláire sinsearach inár gceannas i rith an staidéir, agus cuireadh an locht airsean mar gheall ar iompar a ranga. Bhí diansmacht curtha i bhfeidhm, mar ba chroí-phrionsabal é san oideachas ag an am sin, faoi thacaíocht phionós corpartha. Is deacair dúinn a chreidiúint go raibh pionós corpartha inghlactha riamh inár scoileanna. D’fhéadfaí tú a chur i gcarcair trí lámh a leagan ar scoláire sa lá atá inniu ann.
Eanáir 22
Tá mé im scoláire cónaithe i gColáiste Chiaráin agus ní maith liom é, mar níl an bia go deas. Bhí na béilí sa bhaile i bhfad níos fearr.
Ní maith liom bheith ar scoil mar buaileann na múinteoirí mé.
Tá sé fuar sa leaba agus níl ach trí bhlaincéad thanaí orm.
Tá a lán scrúdaithe le déanamh agam – cúig cinn sa bhliain! Níl ach trí cinn le déanamh ag buachaillí i scoileanna eile.
Ach nuair a bheidh mé mór, beidh a fhios agam ag an am sin gurbh é seo an rogha scoile ab fhearr.
Nótaí:
Is léir dúinn ón iontráil seo go raibh mé ag streachailt leis na dálaí maireachtála ar an iliomad slí. Tá sé rí-shoiléir go raibh deacracht agam le pionós corpartha, mar luaigh mé é sa chéad iontráil freisin. Bhí sé seo ríthábhachtach i mo shaol féin, mar dar liom, bhain an scoil mí-úsáid as a gcuid údarás. Spreag an imeagla fisiciúil sin dubhfhuath údaráis ionam don chuid eile dem shaol. Dar liomsa, theip go mór ar an scoil agus ar an chóras oideachais an rud a bhí beartaithe a chur i gcrích.
I gcás na rudaí eile, ní raibh siad chomh tromchúiseach mar ba iad gnáth-dheacrachtaí an scoláire cónaithe ag an am sin. Sea - ní raibh an leaba ró-chompordach; ní raibh bia an phroinntí ró-bhlasta agus dar ndóigh, bhí an iomarca scrúdaithe dúshlánacha againn. Ach neartaigh na rudaí sin ár gcarachtair, agus d’ullmhaigh siad muid don saol mór.
Agus cé go raibh mé míshásta tríd is tríd, bhí a fhios agam, go mbeadh saol níos fearr agam sa todhchaí, agus mar sin gurbh fhiú dom cur suas leis an míchompord sealadach sin!